Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/51

This page has not been proofread.
43
I dTÍR NA nIONGANTAS

ḃí in a cosa, agus isteaċ léi i gcoill i ḃfolaċ uaṫa.

“Is é an ċeud rud ná a ċéile tá le deunaṁ anois agam,” ar sí sin léi féin agus í ag siuḃal ar fuaid na coille, “aċt dul i meud go mbeiḋ mé im’ ṁeud féin arís, agus an dara rud ná mo ṡliġe a ḋeunaṁ isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd. Sin é an rud is fearr ḋom anois.”

Ḃí a caint ráiḋte aici, aċt conus a ṫaḃarfaḋ sí fé? conus ṫosnóċ’ sí? An ḟaid ḃí sí ag deunaṁ a maranna mar seo agus í ag glin- neaṁaint amaċ tré na crannaiḃ d’airiġ sí an sceaṁ beag geur in áirde ós a ceann agus d’ḟeuċ sí suas.

Ḃí coileán mór, bolg-ṡúileaċ, ag feuċaint anuas uirre agus a lapa sínte amaċ aige d’iarraiḋ é ċimilt dí. “Ṁuise, a ċreutúirín ḃoċt!” arsaiġ Eiḃlís, d’iarraiḋ é ḃladraḋ, agus ḋein sí iarraċt ar fead a leigint air; ḃí uaṫḃás uirre ar eagla go mb’ḟéidir go mbeaḋ ocras air, agus dá dtuitfeaḋ amaċ go mbeaḋ, dar ndóiġ d’íosfaḋ sé í d’aiṁḋeoin a cuid bladraḋ.

Ní maiṫ ḃí a ḟios aici cad ḃí sí ḋeunaṁ. Ṫóg sí cipín beag in a láiṁ agus ċuir sí suas fé ċaincín an ċoileáinín é. Ḃeil! a ḋuine, d’éiriġ sé ḋe léim as a ċaḃail in áirde ’san aer agus leig sé sceaṁ as le neart faoḃar áṫais, agus seo ċum an ċipín é agus é ag leigint air a ḃeiṫ ag imirt leis. Ċuaiḋ Eiḃlís ar scáṫ feoċadáin ḃí taoiḃ léi ar eagla go ndeunfaí easair dí, agus ċoṁ luaṫ agus ḃí sí ar an taoḃ ṫiar den ḟeoċadán ḋein an coileán glám eile ar an gcipín agus cuireaḋ toll ṫar