Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/52

This page has been proofread.
44
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

ceann é den iarraċt sin. D’ḟeuċ an sceul go léir d’Eiḃlís ċoṁ uaṫḃásaċ agus dá mba capall é an coileáinín, agus ḃí eagla uirre gaċ aon nómant go siuḃalfaí ’sa mullaiġ uirre, agus ḃí sí ag teiċeaḋ uaiḋ ċoṁ maiṫ agus do ḟeud sí ṫimċeall an ḟeoċadáin. Ċrom an coileáinín ar ṡliġe eile ċum teaċt ar an gcipín dúmas; ṫéiġeaḋ sé siar i ndiaiḋ a ċúil, agus annsin ṫugaḋ sé siḋe-reaṫa ċum cinn agus é ag sceaṁġail ar a ḋíċeall ar feaḋ na haimsire go léir. ’Sa deireaḋ ṡuiḋ sé síos tamall amaċ ón ċipín agus a ṫeanga amuiġ aige, corṫa sáruiġṫe mar a ḃí Bran, saoṫar air, agus a ḋá ṡúil ṁóra leaṫ-oscailte aige.


Anois an t-am d’Eiḃlís teiċeaḋ