Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/53

This page has not been proofread.
45
I dTÍR NA nIONGANTAS

Anois an t-am d’Eiḃlís teiċeaḋ má ḃí sí ċum teiċeaḋ in aon ċor. Ċuir sí ḋí ċoṁ mear a’s ḃí innte, agus níor stad sí go raiḃ a hanáil imṫiġṫe uaiṫe agus í corṫa traoċta. D’airiġ sí sceaṁ an ċoileáinín i ḃfad ó ḃaile.

“Nár ċanta an coileáinín é as an ṁagaḋ sin,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, nuair ṫáinig a caint dí agus í i ḃfolaċ ar scáṫ craoiḃe an ḃainne-bó-bleaċt agus í dá fionnḟuaraḋ féin le builleog de. “Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag múineaḋ cleas dó súd — sin é dá mbéinn mór go leor ċuige! Ó, a ċiallaċ! dóbair dom é ḋearṁad; dar ndóiġ, caiṫfe mé dul i meud ċoṁ mear agus tá ionnam é! ’Seaḋ, aċt conus a ṫaḃarfa mé fé? Caiṫfe mé rud éigin d’iṫe nó d’ól — aċt cad d’íosfa mé nó cad d’ólfa mé? Sin í an ḟaḋb! Sin í an ṗreap.”

D’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall uirre i ngaċ aon áit — ar na luiḃeannaiḃ, ar an ḃfeur glas, aċt níor rángaiḋ aon rud léi a ḋeurfaḋ sí ḋ’oirfeaḋ d’á gearán. Ḃí muisiriún mór ag fás taoiḃ léi a ḃí díreaċ ṫimċeall ċoṁ árd léi féin; agus nuair ḃí sí tar éis feuċaint fé agus ar gaċ taoḃ de ċoṁ maiṫ le taoḃ ṫiar de duḃairt sí léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋí feuċaint cad ḃí ar a ḃarr. Ṡeasaiġ sí ar ḃarraí a cos agus d’ḟeuċ sí in áirde ṫar ċiosa an ṁuisiriúin, agus cad a ċífeaḋ sí ann in a ṡuiḋe in áirde ar a ḃarr, a ḋá láiṁ fillte in a ċéile aige agus é ag caiṫeaṁ a ṗíopa dó féin agus gan aon suim aige in Eiḃlís ná in aon rud eile aċt piast cabáiste mór gorm.