Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/68

This page has been proofread.
60
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

ar Eiḃlís, agus duḃairt sí léi féin go mb’ḟearr ḋí gan aon rud a ráḋ go mbeaḋ deireaḋ ag an ċolḃar.

“Ar eagla ná raiḃ trioblóid mo ḋóċaint agam ar gor ar na huiḃe,” arsaiġ an colḃar, “aċt caiṫfiḋ mé ḃeiṫ ar m’aire féin de ló as d’oiḋċe ós na haṫraiḃ-niṁe seo! Ní ḃfuair mé neul codlata le trí seaċtṁaine!”

“Is ol’ liom,” arsaiġ Eiḃlís, “tú ḃeiṫ ad’ ċiapaḋ mar seo.”

“Tar éis dom an crann is aoirde ’sa ċoill a ṫoġa ḋom féin,” arsaiġ an colḃar, ag cur screuċ aiste, “agus díreaċ nuair a ṡíl mé ḃeiṫ scarṫa leo go bráṫ iad a’ teaċt anuas ’sa mullaċ orm ón spéir! A—a—a, a aṫair-niṁe!”

“Aċt ní aṫair-niṁe mise, adeirim leat,” arsaiġ Eiḃlís. “Ca—ca—ca—.”

“Agus ’dé rud é tú má’s eaḋ?” arsaiġ an colḃar, “tá tú d’iarraiḋ breug a ċeapaḋ ḋom nó dallaḋ-ṁollóg éigin a ċur orm!”

“Ca—ca—cailín iseaḋ mise,” arsaiġ Eiḃlís, agus í in aṁras arḃ’ eaḋ nó nárḃ’ eaḋ, nuair ċuiṁniġ sí ar an méid aistriġṫe ḃí curṫa ḋí aici an lá sin.

“Tá deallraṁ ar do sceul, go deiṁin!” arsaiġ an colḃar le hárd-ṡearḃas. “Is iomḋa cailín ċonnaic mé im’ ṡiuḃalta, aċt a leiṫéid sin de scrogal ar ċailín ní ḟaca mé fós! Ar ṁalainn naċ cailín tú; aṫair-niṁe is eaḋ ṫú, agus ní ḟuil aon ṁaiṫ ḋuit a ḃeiṫ ag dul ar a ṡeunaḋ. Is é an ċeud rud eile ḃeiṫ tú d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm aċt ná híosfá uḃ.”

D’íosfainn uḃ, go deiṁin,” arsaiġ Eiḃlís; ní inneosaḋ sí breug ar ċapall; “d’íosfaḋ