Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/70

This page has been proofread.
62
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

cailíní uiḃe ċoṁ maiṫ agus d’íosfaḋ aon aṫair-niṁe.”

“Ní ċreidim ṫu,” arsaiġ an colḃar, “aċt is é an méid atá le ráḋ agam-sa leo aċt dá n-íosfaidís uiḃe saġas aṫara-niṁe is eaḋ iad gan aon daḃt.”

Ḃain an méid seo an bríġ ar fad as Eiḃlís, agus ní raiḃ cniug aiste ar feaḋ cúpla nómant.

“Tá tú ag lorg uḃ, arsaiġ an colḃar, “tá a ḟios an méid sin go maiṫ agam; agus cár ċuma ḋomsa cia aca cailín nó aṫair-niṁe tú.”

“Ó, ní cuma liom-sa é, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, “agus ní ag lorg uḃ atá me, agus dá mba eaḋ féin ní ag lorg do ċoda-sa ḃeinn, ní maiṫ liom fuar iad.”

“Cuir díot amaċ as so go mear!” arsaiġ an colḃar go feargaċ, agus ċrom sí dá socruġaḋ féin síos arís ’sa nead. Ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ í féin a réiḋteaċ amaċ as na crainn ċoṁ maiṫ a’s d’ḟeud sí; uaireannta ṫéiġeaḋ a muineul in aċrann is na geuga agus ċaiṫfeaḋ sí stad agus í féin d’ḟuasgailt asta. I gcionn tamaill ċuiṁniġ sí go raiḃ píosaí an ṁuisiriúin in a láṁa fós aici, agus ṫosnuiġ sí go han-ċúramaċ ag creimirt píosa agus annsin an píosa eile gaċ re tamall. Uaireannta ṫéiġeaḋ sí in aoirde agus annsin arís i luiġead gur éiriġ léi a haoirde ceart a ṫoṁas arís.

Ḃí sé ċoṁ fada sin ó ḃí sí in a haoirde féin gurḃ’ ait léi í féin an ċeud uair, aċt ċuaiḋ sí in a ṫaiṫiġe fé ċionn gairid agus ṫosnuiġ sí ag caint léi féin mar ba ġnáṫ léi. “Is eaḋ! Sin leaṫ mo ċúrsaí réiḋtiġṫe anois agam! Tá an gnó go léir in a ṡeaċrán-srianaċ.