Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/71

This page has been proofread.
63
I dTÍR NA nIONGANTAS

Naċ deacair é ṫuigsin! Ní ḟeadar mé ó nómant go nómant cadé an ċeud aṫruġaḋ eile ṫiocfaiḋ orm! Is eaḋ! aċt tá m’aoirde ċeart féin agam arís; an ċeud rud eile anois aċt dul isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd—is eaḋ, aċt conus a ḋeunfar sin, ní ḟeadar.” Díreaċ le n-a linn sin ṫáinig sí amaċ in áit oscailte i mbeul na coille, áit i raiḃ tiġ beag ṫimċeall ċeiṫre troiġṫe ar aoirde. “Pé daoine ḃfuil coṁnuiḋe annso orra is dóiġ liom ná deunfaḋ sé an gnó ḋom’ leiṫéid de ċleiṫeire mná glaoḋaċ ċuċa: ċuirfeaḋ sé ar ġealaiġ iad bean ċoṁ árd liom-sa d’ḟeicsin.”

Ṫosnuiġ sí ag creimirt an ṗíosa ḃí in a láiṁ ḋeis arís, agus níor ċuaiḋ sí ar ġoire an tiġe go dtí ná raiḃ aċt naoi n-órdlaċ ar aoirde innte.