Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/73

This page has not been proofread.
65
I dTÍR NA nIONGANTAS

Eiḃlís nuair a ċonnaic sí cad a ḃain dóiḃ gur ċaiṫ sí rioṫ siar ṫar n-ais ’sa ċoill ar eagla go n-aireoċṫaí í. Nuair d’ḟeuċ sí amaċ in a ḋiaiḋ sin ḃí an giolla-iasc imṫiġṫe agus ḃí an fear eile in a ṡuiḋe ar an talaṁ le hais an duiris agus é ag feuċaint mar a ḃeaḋ amadán in áirde ’sa spéir.

Ċuaiḋ Eiḃlís suas agus roinnt scáṫa uirre agus ḃuail sí ag an dorus.

“An deaḃas pioc maiṫeasa ḋuit-sa a ḃeiṫ ag bualaḋ ag an dorus sin,” arsaiġ an giolla, “agus tá ḋá ċúis leis. Insan ċeud dul síos táim-se ar an dtaoḃ ċeudna den dorus leat-sa, agus insan dara háit tá an oiread sin gleo agus cibeal istiġ aca ná fuiġfidís tú a aireaċtain.” Agus go deiṁin agus go dearḃṫa ḃí coṁráḋ-bó agus cibeal istiġ — screuċaḋ agus sraoṫartġail gan stad gan staonaḋ, agus anois agus arís foṫram mar a ḋeunfaí bloḋanna ḋe ṁias nó ḋe ċiotal.

“Agus, má’s é do ṫoil é, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “conus is féidir liom-sa dul isteaċ?”

“Ḃeaḋ ciall éigin a ḃeiṫ ag bualaḋ ag an dorus sin,” arsaiġ an giolla agus gan suim aige dá ċur i gceist Eiḃlís, “dá mbaḋ rud é go mbeaḋ an dorus eadrainn. Cuirim i gcás tusa a ḃeiṫ istiġ agus mise amuiġ, dob’ ḟéidir leat-sa bualaḋ ag an dorus agus ġeoḃainn-se tú leigint amaċ.” Ḃí sé ag feuċaint in áirde ’sa spéir i gcoṁnuiḋe an ḟaid is a ḃí sé ag caint le hEiḃlís, agus duḃairt sí léi féin go raiḃ sé an-ḋroċṁúinte. “Aċt béidir, dar ndóiġ, ná fuil leiġeas aige air,” ar sí sin, “tá a ṡúile ċoṁ gairid sin do ṁullaiġ a ċinn.