arsaiġ Eiḃlís, le háṫas ó fuair sí an ċaoi ar a cuid léiġinn a noċtaḋ. “Feuċ, cadé an ċur amuḋa ḋeunfaḋ sin ar an lá agus ar an oiḋċe. Ná fuil a ḟios agat go mbaineann sé ċeiṫre huaire fiċead den doṁan casaḋ …”
“Cas an ceann dí,” arsaiġ an Ḃaintiġearna. Agus d’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall uirre go him- ṡníoṁaċ feuċaint an raiḃ an cócaire ag cuiṁneaṁ ar an ceann a ḃaint dí, aċt ḃí an cócaire boċt ag corruiġe an anairṫe léi agus gan aon tsuim aici i gcaint na coda eile; mar sin lean Eiḃlís uirre ’sa ċaint: “Ċeiṫre huaire fiċead is dóiġ liom nó an dá uair ḋeug é?”
“Ḋera, ná bí im’ ḃoḋraḋ,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “ní luġa orm bóiṫreán bó ná áireaṁ!” Agus ċrom sí ag breugaḋ an leinḃ arís; ḃí saġas “seo-ṫín” aici ḋo, agus ḃaineaḋ sí suaṫaḋ uaṫḃásaċ as i ndeireaḋ gaċ aon líne:
“Caiṫfimíd suas agus suas é, Caiṫfimíd suas an páiste, Caiṫfimíd suas agus suas é, Agus tiocfa sé anuas i mbáireaċ.
Ó, níor ḋein sé rinnce, Ó, níor ḋein ná gáire, Ó, níor ḋein sé rinnce, Aċt deunfa sé rinnce i mbáireaċ.”
“Seo! bí á ḃreugaḋ tamall, má’s maiṫ leat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna le hEiḃlís, ag caiṫeaṁ an leinḃ ċúiċe, “caiṫfe mise dul ag