go mór nuair d’airiġ sé an ċaint seo, agus ní duḃairt sé aċt:
“Dá mbeaḋ gaḃar oḋar agat Agus aḋḃar gaḃair Agus gaḃar reaṁar a ċur in a mbun Agus do ṫoġa gaḃar, reaṁar, oḋar agat, ’Dé méid gaḃar ḃeaḋ agat annsin?”
“Beiḋ spórt anois againn,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “is maiṫ liom toṁasanna; is dóiġ liom go ḃfuiġfinn é sin a ṫoṁas,” ar sí sin léi féin.
“An aṁlaiḋ tá tú ar aigne a ráḋ go ḃfuiġfeá an freagra tá air a ḋeunaṁ amaċ?” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta
“’Seaḋ, díreaċ,” arsaiġ Eiḃlís.
“Má’s eaḋ, ba ċeart duit an rud ḃíonn ar t’aigne a ráḋ,” arsaiġ an Girrḟiaḋ.
“Dar ndóiġ, déinim,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, “nó, an rud adeirim isé ḃíonn ar m’aigne,” ar sí sin, “agus naċ mar a ċéile é?”
“Is fada ó’n stuaim an stocaire, ar ḃfalaing,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat a ḃeiṫ d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm-sa gur mar a ċéile, “ċím a n-iṫim,” agus “iṫim a ḃfeicim"!”
“Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat ḃeiṫ d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm-sa,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta, “gur mar a ċéile ’ólaim a dtuillim’ agus ’tuillim a n-ólaim’!”
“Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat a ráḋ,” arsaiġ an luiċín, agus í mar ḃeaḋ sí ag caint tré n-a codlaḋ, “gur mar a ċéile, ’tarraingím m’anáil nuair a ċodlaim’ agus ’codlaim nuair a ṫarraingím m’anáil’!”