Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/90

This page has not been proofread.
82
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Is mar a ċéile ḋuit-se é, pé sceul é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. Stad an ċaint annsin ar feaḋ tamaill agus ṡuiḋ an ċuideaċta go léir go ciúin ar feaḋ nómant nó mar sin, agus ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ cuiṁneaṁ ar gaċ aon rud d’airiġ sí riaṁ i dtaoḃ gaḃar, aḋḃar gaḃar, agus gaḃair oḋair, aċt ba ḃeag é.

Fear Lár na Gealaiġe an ċeud duine a laḃair. “Cadé an lá den ṁí atá againn?” ar sé sin le hEiḃlís. Ḃí a uaireadóir in a láiṁ aige agus é ag feuċaint air anois agus arís, ag baint croṫaḋ as, agus dá ċur ċum a ċluaise.

Ḃí Eiḃlís ag maċtnaṁ tamall agus annsin aduḃairt sí, “An ceaṫraṁaḋ lá.”

“Ḋá lá bun os cionn,” ar sé sin. “Ná duḃairt mé leat ná deunfaḋ im an gnó dos na hoibreaċa istiġ ann,” ar sé sin go feargaċ agus é ag feuċaint ar an nGirrḟiaḋ Márta.

“Ba é an t-im ab’ ḟearr é,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta, agus a ċeann fé.

“Is eaḋ, aċt is baoġal liom go raiḃ mion- ṗíosaí aráin meascṫa tríd,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “’Dé ċúis duit é ċur isteaċ leis an scian-aráin.”

Ṫóg an Girrḟiaḋ Márta an t-uaireadóir in a láiṁ ċuige agus d’ḟeuċ sé air go brónaċ; annsin ṫom sé síos é insan ċupán té ḃí sé ḋ’ól; aċt ní ḃfuiġfeaḋ sé cuiṁneaṁ ar aon rud a ráḋ aċt an ċeud rud aduḃairt sé: “B’é an t-im ab’ ḟearr é, dar ndóiġ.”

Ḃí Eiḃlís ag feuċaint ṫar a gualainn agus í d’iarraiḋ an t-uaireadóir a ṫaḃairt fé ndeara. “Naċ greannaṁar an sórt cloigín é,” ar sí sin, “bíonn a ḟios agat le feuċaint air cadé