Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/91

This page has been proofread.
83
I dTÍR NA nIONGANTAS

an lá ḋen ṁí é, aċt ní ḃíonn a ḟios agat cadé an t-am den lá é!”

“Cadé a ċúis a mbeaḋ a ḟios?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “An mbeaḋ a ḟios agat ar t’uaireadóir-se cadé an ḃliain ḃeaḋ agat?”

“Ó, ní ḃeaḋ a ḟios, dar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís, “fanann an ḃliain ċoṁ fada sin againn naċ gáḋ é.”


Ṫom sé síos é insan ċupán té
“Sin é díreaċ dála mo ċluig-se,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís an sceul a ṫuigsin in aon ċor. Níor ḋóiġ léi go ḃfuiġfeaḋ aon ḃriġ ḃeiṫ le caint an ḟir seo. “Ní ṫuigim ṫu in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís leis ċoṁ deaġḃeusaċ agus ab’ ḟéidir léi.

“Tá an luiċín in a codlaḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus ḋoirt sé braon den té anuas ’sa ċaincín air.

“Dar ndóiġ, dar ndóiġ; sin é díreaċ a ṁeas mé féin a ráḋ,” arsaiġ an luiċín ag baint croṫaḋ as a ceann agus gan oiread agus a súile d’oscailt.

“Ḃfuil an toṁas úd agat fós?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Ní ḟuil, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “caiṫfe mé éiriġe as; cad é an freagra tá air?”

“Ní ḟeadar mé é sin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Ná mise,” arsaiġ an Girrḟiaḋ.