Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/95

This page has not been proofread.
87
I dTÍR NA nIONGANTAS

"Ní ḟuil a leiṫéid ann!” arsaiġ Eiḃlís go feargaċ, aċt duḃairt Fear Lár na Gealaiġe agus an Girrḟiaḋ Márta, “Éist! Éist!” Laḃair an luċ agus aduḃairt go stuacaċ: “Maran ḃfuiġfe tú tú féin d’iomċur, do- ġeoḃa tú deireaḋ ċur leis an sceul tú féin.”

“Á! abair leat,” arsaiġ Eiḃlís go sár- íseal. “Ní ċuirfe mé isteaċ ort arís. Béidir go raiḃ aon tobar aṁáin dá leiṫéid ann.”

“Aon tobar aṁáin, an eaḋ?” arsaiġ an luċ go searḃasaċ. Mar sin féin, do lean sí ar an sceul. “Agus an triúr deirḃṡéir so,” arsa sí, “ḃíodar ag foġluim conus tarraing a ḋeunaṁ.”

“Cad a ṫarraingeadar?” arsaiġ Eiḃlís, gan aon ċuiṁneaṁ ar an ngeallaṁain ḃí taḃarṫa uaiṫe aici.

“Bláṫaċ,” arsaiġ an luċ, agus níor stad sí ċum cuiṁneaṁ in aon ċor an iarraċt so.

“Tá cupán glan uaim,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Druideaḋ gaċ aoinne ionad duine ċum cinn.”

Le n-a linn sin ḋruid sé féin ċum cinn, agus lean an luċ é; ḋruid an Girrḟiaḋ Márta isteaċ ’san áit a raiḃ an luċ, agus ċaiṫ Eiḃlís, i gcoinne a tola, suiḋe isteaċ ’san áit a raiḃ an Girrḟiaḋ Márta. Ba ṁeasa go mór a ḃí Eiḃlís as an iarraċt so ná mar ḃí sí roiṁe seo, mar ḃí an Girrḟiaḋ tar éis crúiscín bainne a ḋortaḋ ’san áit a raiḃ sé féin.

Níor ṫeastuiġ ó Eiḃlís olc a ċur ar an luċ arís, agus mar ġeall air sin ġaiḃ sí ṫimċeall uirre go han-aireaċ. “Ní ṫuigim an sceul go ró ṁaiṫ,” ar sí sin, “cad as ṫarraingeadar an ḃláṫaċ?”