Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/98

This page has not been proofread.

CAIBIDIL A VIII

FAIṪĊE CRÓICÉ NA BAINRÍOĠNA

Ḃí crann mór róis díreaċ ar do ḋul isteaċ duit ’sa ngáirdín, rósanna bána ḃí ag teaċt air, aċt ḃí triúr garraiḋeadóir ann ar a ndíċeall ag cur dearg orra. B’ait le hEiḃlís an obair seo, agus ḋruid sí taoiḃ leo ag faire orra. Díreaċ agus í ag druideaṁaint leo d’airiġ sí duine aca á ráḋ: “Taḃair aireaċas anois, A Ċúig, a ḃuaċaill, agus ná bí im’ smearaḋ leis an daṫ mar sin!”

“Ní raiḃ leiġeas agam air,” arsaiġ A Cúig. “’Sé A Seaċt a ċorruiġ mo láṁ.”

D’árdaiġ A Seaċt a ċeann agus d’ḟeuċ sé orra agus duḃairt: “Go maiṫ, A Ċúig! a ḋearḃráṫair! cuir a ṁilleán ar ḋuine éigin eile i gcoṁnuiḋe!”

“Is fearr ḋuit-se do ḃeul a ḋúnaḋ,” arsaiġ A Cúig, “naċ indé d’airiġ mé an Ḃainríoġain á ráḋ gur ċeart an ceann a scuabaḋ ḋíot-sa?”

“’Dé ċúis?” arsaiġ an ċeud duine a laḃair.

“Ní ḃaineann an gnó olc ná maiṫ leat-sa, A Ḋó,” arsaiġ A Seaċt.

“Baineann,” arsaiġ A Cúig, “agus inneosa mise ḋó é — mar ġeall ar ṁeacain ḃána a ṫug sé go dtí an cócaire in áit inniúin.”

Ċaiṫ A Seaċt uaiḋ ar an talaṁ an scuab a ḃí in a láiṁ aige agus ṫosnuiġ sé: “Dar so