Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/99

This page has been proofread.
91
I dTÍR NA nIONGANTAS

agus súd,” arsa sé, “is mór an eugcóir agat é”—ní raiḃ aċt an méid sin ráiḋte aige nuair a ṫug sé fé ndeara Eiḃlís agus í in a seasaṁ taoiḃ leo ag faire orra, agus ḃain sé siar as féin gan stad. D’ḟeuċ an ċuid eile ṫimċeall agus d’uṁlaiġeadar go talaṁ dí.

“An inneosaḋ siḃ dom,” arsaiġ Eiḃlís, “cad ċuige ḃfuil siḃ ag cur daṫ ar na rós?”


D’uṁlaiġeadar go talaṁ dí

Níor laḃair A Cúig ná A Seaċt, aċt d’ḟeuċadar a A Dó. Laḃair A Dó ós íseal agus aduḃairt: “Ċum na fírinne d’innsint duit, a ḃean uasal, ba ċeart gur crann rós dearg a ḃeaḋ annso againn, aċt in a áit sin crann rós bán a ċuireamar ann; agus dá ḃfuiġfeaḋ an Ḃainríoġain amaċ gur ḋeineamar a leiṫéid ḃainfeaḋ sí na cinn dínn ar fad. Agus, feuċ, a ḃean uasal, táimíd ag deunaṁ ár ndíċill fé dtiocfaḋ sí, ċum . . . .” Le n-a linn sin do ġlaoiḋ A Cúig amaċ: “An