seo. [1]18Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n‑a lár agus do thuit na h‑inní go léir amach as. 19Agus tháinig fios an nídh sin d’a bhfuil de dhaoine i n‑Ierúsalem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, ’n‑a dteangain sin, “Haceldama,” ’sé sin, páirc na fola. 20Agus tá sgríobhtha i leabhar na Salm: [2]“Deinteair fásach d’á n‑áit cómhnuighthe, agus ná bíodh duine a dhéanfaidh cómhnuighe ann,” agus, [3]“Tugtar a chathaoir easboig do dhuine eile.” 21Ní foláir d’á bhrígh sin, as na fearaibh seo atá i gcómhluadar linne i gcaitheamh na h‑aimsire go léir ’na raibh an Tighearna Íosa isteach agus amach i n‑ár measg, 22Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fhínné ar a aiseirighe i n‑aonfheacht linne.
23Ansan do shocaruighdar ar bheirt, ar Ióseph ar a dtugtí Barrabas agus go mba shloinne dhó Iústus, agus ar Mhaitias. 24Agus dheineadar úrnuighthe agus dubhradar: Déinse, a Thighearna, ó’s agat atá fios croidhe gach duine, a thaisbeáint cia’cu de’n bheirt seo is rogha leat, 25Chun go nglacfadh sé an t‑inead seirbhíse agus aspolachta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin. 26Ansan do chuireadar ar chrannaibh dóibh é, agus do thuit an crann ar Maitias agus do h‑áirimeadh é i dteannta an aoinne-déag Aspol.
Caibidiol II.
An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgiobulaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh do’n phobul. Cráibhtheacht na ndaoine do ghlac an creideamh ar dtúis.
1Agus nuair a críochnuigheadh laethanta na Cíngcíse bhiodar go léir i n‑aonfheacht i n‑aon áit amháin, 2Agus tháinig go h‑obann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé ar fad an tigh ’na rabhdar ’n‑a suidhe. 3Agus do taisbeánadh dóibh mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus
- ↑ Mait. xxvii. 7.
- ↑ Salm. lxviii. 26.
- ↑ Salm. cviii. 8.