Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/13

This page has been proofread.
Caib. II. 18
293
Gníomhartha na n‑Aspol

taibh­rithe d’bhúr seanóir­íbh. 18Agus doirtfead amach as mo Spioraid, ins na laethibh sin, ar mo bhuach­ailíbh agus ar mo chail­íníbh, agus déanfaid siad targair­eacht; 19Agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal deataigh. 20Iompófar an ghrian ’n‑a doir­cheacht agus an ghealach ’n‑a fuil, roimh theacht do lá an Tighearna, an lá mór, sofheicse. [1]21Agus iseadh bheidh, an uile dhuine do ghlaodh­faidh ar ainim an Tighearna saorfar é.” 22A fheara Israéil, éistidh leis na bréith­ribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoill­sigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhach­taibh, agus leis na h‑iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin. 23Do tugadh an duine sin a’ comhairle chinnte agus a’ roimh­eólus Dé, agus do dheinea­bhairse é chéasadh chun báis le lámhaibh na gcuirp­theach.[* 1] 24Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de brígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n‑a chumas.[* 2] 25Óir deir Dáibhid ’n‑a thaobh: [2]Do chínn roim ré an Tighearna am fhiadh­naise do ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionus ná corrófí me. 26Uime seo do ghlac mo chroidhe áthas agus dhein mo theanga gáir­deachus, agus ’n‑a theannta san gheobh­aidh mo chuid feóla suaimh­neas i ndóchas. 27De bhrígh ná fágfair m’anam i n‑ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomtha truailiú a dh’fheisgint. 28Thugais eólus dom ar bhóith­ribh na beatha agus líonfair me lád d’áthas le d’ghnúis.” 29A fheara, a bhráithre, ní misde

  1. Ióél ii. 32l Rómh. x. 13.
  2. Salm. x. 8.
  1. Ver. 23 “A’ cómhairle chinnte,” ⁊rl. Do thoirbhir Dia a Mhac, agus do thoirbhir an Mac é féin, tré ghrádh dhúinne, agus chun sinn do shábháil. Agus dá dheas­gaibh sin nídh naomhtha ab eadh Críost do thoir­bhirt, agus níbh ab eadh é ar ar chinn Dia féin. Ach an mhuinntir a bhrath é agus do chéas é dhein­eadar malluigh­theacht; mar dhein­eadar do réir a ndroch-aigne féin agus do réir aigne an diabhail a bhí ag séideadh fútha; agus ní do réir cinneadh Dé a dhein­eadar, ní raibh Dia i n’ úghdar le n‑a malluigh­theacht, bíodh nár choisg sé an mhalluigh­theacht. Níor choisg sé an mhalluigh­theacht mar do bhí ar a chumas, nídh a dhein sé, maith mór do tharrac as, .i. slánú na cine daonna.
  2. Ver. 24 “Tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh,” .i. tar éis buadh bhreith ar phianta an bháis agus ar chómhach­taibh uile ifrinn.