deineadh mórán eile mírbhúiltí agus soluídí tré sna h‑Aspoil i n‑Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. 44Agus gach ar chreid bhíodar i bhfochair a chéile agus nach nídh coitchian acu. 45Do dhíolaidís amach a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis. 46Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach lá, agus ag brise aráin ó thigh go tigh, do chaithidís a gcuid bídh i n‑áthas agus i [* 1]n‑aoine croidhe, 47Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n‑aghaidh an lae, ag méadú na buidhne a bhí le sábháil.
Caibidiol III.
An mhírbhúilt a deineadh ar an bhfear a bhí bacach, tré n‑ar h‑iompuígheadh a lán.
1Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth. 2Agus bhí duine áirithe a bhí ’n‑a mairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bítear ’gha iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n‑iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul. 3Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó. 4D’fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h‑Eóin, agus dubhairt sé leis: Féach orainn. 5D’fhéach seisean ortha ag súil go bhfaghadh sé rud éigin uatha. 6Dubhairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, ach an nídh atá agam bheirim duit é. I n‑ainim Íosa Críost Nasareit eirig agus siubhluigh; 7Agus do rug sé ar láimh dheis air agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throighthe agus a bhuinn láithreach. 8Agus bhí sé ag léimrig agus as seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n‑aonfheacht leo isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag léimrig agus ag moladh Dé. 9Agus chonnaic na daoine go léir é ag siubhal agus ag moladh Dé. 10Agus d’aith-
- ↑ aoine, .i. simplicitas, ón bhfocal “aon.”