pé rud a labharfaidh sé libh. 23Agus beidh so, gach aon duine ná h‑éistfidh leis an bhfáidh sin ídeofar as an bpobul é. 24Agus na fáidhe go léir a labhair, ó Shamuél anuas, do thargaireadar na laethanta san. 25Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n‑ár n‑aithreachaibh nuair a dubhairt sé le h‑Ábraham: [1]“Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.” 26Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n‑iompóchadh gach duine é féin ó n‑a dhroch-bheartaibh.
Caibidiol IV.
Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamhacht. An Eaglais dá méadú.
1Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Sadduicínigh, 2Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobuil agus ag craobhsgaoile na h‑aiseiríghe ó sna mairbh i n‑Íosa. 3Agus chuireadar a lámha ortha agus chuireadar i bpríosún iad go maidin lár n‑a mháiréach, óir bhí sé n‑a thráthnóna an uair sin. 4Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimhir na bhfear ná chúig mhíle.
5Agus do thára ar maidin lár n‑a mháireach gur chruinnigh a n‑uachtaráin agus a seanóirí agus a sgríbhneóirí i n‑Ierúsalem, 6Agus Annas an t‑árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh ns sagart. 7Agus chuireadar iad-san i láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n‑ar dheineabhairse an nídh seo? 8Ansan do líonadh Peadar leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobuil agus a sheanóiri, éistidh liom: 9Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaobh, na maitheasa a deineadh do’n mhairtíneach so, conus do leighseadh é. 10Bíodh ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go
- ↑ Gen. xii. 3.