Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/19

This page has been proofread.
Caib. IV. 25
299
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

a chlois­eadar-san d’árduigh­dar a nguth chun Dé agus dubhradar: A Thigh­earna, is tu a dhein neamh agus talamh agus muir agus gach nídh d’á bhfuil ionta, 25Is tu a dubhairt, sa Spioraid Naomh, tré bhéal ár n‑athar do sheirbhíísigh Dáibhid: [1]“Cad fá an fhearg mhór ar na geintibh agus na pobuil ag beartú neithe baoithe? 26Ríghthe an demhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag teacht i gceann a chéile i n‑aghaidh an Tighearna agus i n‑aghaidh a Chríost?” 27Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n‑aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar ar chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil, 28Agus dhein­eadar an nídh a cinneadh ó d’láimh asus ó d’chómh­airle féin a déanamh. 29Agus anois, a Thigh­earna, féach ar an mbagairt seo acu ’á dhéanamh, agus tabhair do d’sheir­bhísigh do bhriathar a labhairt go seasamh­ach, 30Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mír­bhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.

31Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit ’na rabhdar cruinnigh­the agus do líonadh leis an Spioraid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé le seasamh­acht aigne.


32Agus bhí ag an sluagh a chreid, aon chroidhe amháin agus aon aigne amháin, agus ní dheireadh aoinne go mba leis féin aon nídh a bhíodh ’n‑a sheilbh ach bhí gach nídh cómh­choitchian acu. 33Agus dhein na h‑Aspoil fiadh­naise ar aiseiríghe Chríost, ár dTigh­earna, le cómhacht mór, agus bhí grásta mór ortha go léir, 34Agus níraibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíol­aidís iad agus tugaidís isteach an méid a gheibhdís ortha, 35Agus chuiridís ag cosaibh na n‑Aspol é. Agus ansan do rainntí é fé mar a bhíodh gádh ag gach duine leis.

36Agus Ióseph, an t‑é ar a dtugadh na h‑Aspuil Barnabas, (focal a mínígh­thar i gcéill Mac Sóláis,) Lebhí­teach a rugadh i gCuprus. 37Bhí talamh aige agus dhíol sé an talamh agus thug sé leis an luach agus chuir sé ag cosaibh na n‑Aspol é.

  1. Salm. ii. 1.