leó, ach do thug an pobul onóir dóibh. 14Agus bhí na daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul i n‑iomadamhlacht go mór, 15I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus ar shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bheadh Peadar ag teacht, dá mba ná déanfadh ach a sgáil tuitim ar dhuine acu go léighisfí ó n‑a mbreóiteacht iad. 16Agus bhíodh slóighte ag teacht go Ierúsalem as na cathrachaibh sa chómharsanacht agus daoine breóite acu ’á thabhairt leó, agus daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamhnaibh, agus do leithistí iad go léir.
17Ansan, d’eirigh an t‑árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (b’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth, 18Agus chuireadar a lámha ar na h‑Aspoil agus chuireadar sa phríosún puibilídhe iad. 19Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n‑oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé: 20Imthighidh, agus seasaighidh, agus labhraidh sa teampul, leis na daoine, bréithre uile na beatha so. 21Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg.
Agus ansan tháinig an t‑árdshagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad. 22Agus tháinig na teachtairí agus d’osgladar an charcair agus ní bhfuaradar ann iad, agus thánadar thar n‑ais agus d’innseadar san, 23Agus dubhradar: Fuaramair an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta ’n‑a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a dh’osgalamair an chaircair ní bhfuaramair aoinne istigh. 24Nuair airigh oificeach an teampuil agus uachtaráin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na príosúnaigh. 25Le n‑a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé leó: Féach, na fir úd a chuireabhair sa charcair táid siad n‑a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26Ansan d’imthigh an t‑oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan [* 1]éigean, óir bhí eagla na
- ↑ .i. Go breágh réidh.