Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/22

This page has been proofread.
302
Caib. V. 27
Gníomhartha na n‑aspol

ndaoine ortha, go ngeobhthí do chloch­aibh ionta. 27Agus nuair a thugadar leó iad chuir­eadar ’n‑a seasamh i láthair na cómhairle iad agus do cheistigh uachtarán na sagart iad, 28Agus dubhairt sé: D’órduigh­mair daoibh le h‑ordú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n‑ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne. 29Agus d’fhreagair Peadar agus na h‑Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná ar dhaoinibh. 30Do thóg Dia ár sinnsear ós n‑a mairbh Íosa, an t‑é a chuir­eabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann. 31Do thóg Dia suas le n‑a láimh dheis é ’n‑a Phriúnsa agus ’n‑a Shlánuigh­theoir chun go dtabhar­fadh sé aithríghe agus maitheamh­nachas peacaí d’Israél. 32Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin, agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine atá úmhal dó.

33Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta, agus mheasadar iad a chur chun báis. 34Ach d’eirigh, sa chómh­airle, duine de sna Fairisí­nigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamh­nach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus ar feadh tamail bhig, 35Agus dubhairt sé leó-san: A fheara Israéil, tugaidh aire dhaoibh féin i dtaobh na ndaoine sin agus cad a dhéan­faidh sibh leó. 36D’eirigh, sa n‑aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d’aontuigh tímpal cúig chéad dhuine leis. Ach do marbhuigh­eadh é, agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus chuadar ar neamhnídh. 37I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaili­líach, i laethibh an chómh­airimh, agus tharraig sé na daoine ’n‑a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chual­lacht go léir. 38Deirim libh anois, d’á bhrígh sin, éirighidh de sna daoine seo agus sgaoilidh leó, óir, má’s ó dhaoine an íntinn seo agus an gnó so, raghaidh sé ar neamhnídh, 39Ach má’s ó Dhia é ní féidir daoibh é chur ar neamhnídh, agus ba bhaoghal go mbeadh sibh ag iomaidh te Dia féin. Dhein­eadar rud air.

40Ansan do ghlaodh­adar isteach na h‑Aspoil agus do