é agus thugadar leó é isteach sa tis a tír bhi ag na geinte, agus dhibir Dia iad san ó aghaidh ár n‑aithreach, go dtí laethe Dháibhid, 46Agus fuair sé sin fábhar i láthair Dé, agus d’iarr sé go bhfaghadh sé tabernacul do Dhia Iácóib. 47Ach is é Salomón a chuir suas tigh dó. 48Ach ní h‑i ndéantús lámh a chómhnuigheann an dúileamh, mar adeir an fáidh:[* 1] 49[1]Is é neamh mo chathaoír ríoghdha, agus an talamh taca mo chos. Cad é an tigh a dhéanfaidh sibh dom, adeir an Tighearna, nú cá bhfuil áit mo shuaimhnis? 50Nách iad mo lámha féin a dhein iad go léir?
51A lucht na muinéal stuacach agus na g‑croidhthe agus na gcluas gan tímpallghearradh, táthaoí coitchianta ag cur i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh: Mar a bhí bhúr n‑aithreacha, sin mar atáthaoí-se. 52Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n‑aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhior-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis. 53Do ghlacabhair an dlígh ó fhrithálamh na n‑aingeal agus níor choiméadabhair an dlígh.
54Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige. 55Ach bhí sé lán de’n Spioraid Naomh agus d’fhéach sé suas ins na flathais agus chonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n‑a sheasamh ar dheasláimh Dé, agus dubhairt sé: Féach chím na flathais ar osgailt agus Mac an Duine ’n‑a sheasamh ar deasláimh Dé. 56Ansan do chuireadar liú árd asta agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do rithadar i n‑aonfheacht chuige, 57Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbrait ag cosaibh fir óig
- ↑ Isáias lxvi. 1.
- ↑ Ver. 48. “Ní h‑i ndéantús lámh,” ⁊rl. .i. Níl aon ghádh aige le tighthibh cré agus ní féidir é dhúnadh laistigh díobh. Ach sa n‑am gcéadna, ó ’tá sé gan teóra tá sé ins gach uile áit, agus istigh i n‑ár dtighthibh chómh maith le gach áit eile. Agus do chómhnuigh Críost, sa mhéid gur duine é, i dtighthibh, agus tá sé anois ar ár n‑altóraibh.