Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/30

This page has been proofread.
310
Caib. VIII. 11
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

chómhacht. 11Agus d’éistidís leis, mar bhíodar meallta le n‑a chuid draoidh­eachta aige ar feadh abhfad. 12Ach nuair a chreid­eadar Pilib agus é ag craobh­sgaoile i dtaobh rígh­eachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mná, i n‑ainim Íosa Críost. 13Ansan do chreid Símón féin agus do baisteadh é, agus d’fhan sé i bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mír­bhúiltí d’á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh iongna agus alttacht air.

14Ansan d’airigh na h‑Aspoil a bhí i n‑Ierúsalem go raibh Samaría tar éís bréithir Dé do ghlacadh agus cuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha. 15Agus nuair a thánadar dhein­eadar guidhe ar a son, go nglac­faidís an Spioraid Naomh. 16Óir ní raibh tagaithe aige fós i n‑aoinne acu; ní rabhdar ach baistithe i n‑ainim an Tighearna Íosa. 17Ansan do chuir­eadar a lámha ortha agus do ghlacadar an Spioraid Naomh.[* 1]

18Nuair a chonnaic Símón, ámh, an Spioraid d’á thabhairt tré dhul fé láimh na n‑Aspol do tharraig sé airgead dóibh, 19Agus dubhairt sé: tugaidh dómhsa an cómhacht san, i dtreo, an t‑é go gcuirfead mo lámh air go nglac­faidh sé an Spioraid Naomh. Dubhairt Peadar leis, ámh: 20Íde ar do chuid airgid agus ort féin, óir do mheasais gur féidir tabhar­thas Dé d’fhághail ar airgead. 21Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach do chroidhe i láthair Dé. 22Déin aithríghe, d’á bhrígh sin, sa n‑olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dhia, féachaint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe. 23Óir chím go bhfuilir i ndomblas seirbh­thin agus fé chuibh­reach an uilc. 24Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Cuiridh-se bhúr nguidhe chun an Tighearna ar

  1. Ver. 17. “Do chuir­eadar a lámha ortha.” Chuireadh na h‑Aspoil daoine fé láimh easboig leis na lámha chur ortha, agus le guidhe dhéanamh, agus leis sin do ghlacadh na Críost­uidhthe an Spioraid Naomh. Gan amhras do ghlac­aidís grásta an Spioraid Naoimh nuair a baistthí iad, ach ní tugtí dhóibh an uair sin an fhor­líontacht ghrásta agus na tíodh­laicí eile sin a thugadh dóibh neart chun an chreidimh a dh’admháil go h‑osgailte; tíodh­laicí a ghlac­aidís ’n‑a dhiaidh san ós na h‑easbog­aibh i sacrai­mint dul fé láimh easpuig.