Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/31

This page has been proofread.
Caib. VIII. 25
311
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

mo shon ionus ná tiocfadh orm aon nídh de sna neithibh sin atá ráidhte agaibh.

25Agus thánadar-san thar n‑ais go Ierúsalem tar éis briathar an Tighearna do dhearbh­adh agus do labhairt, agus dhein­eadar craobh­sgaoile tré n‑a lán de chríoch­aibh na Samari­tánach.

26Ansan do labhair aingeal an Tighearna le Pilib agus dubhairt sé: Eirigh agus imthigh ó dheas chun na h‑áite ’na bhfuil an bóthar ó Ierúsalem go Gása; is fásach an áit. 27D’eirigh sé agus d’imthigh sé. Agus féach, bhí fear ó Étiópia, coillteán­ach cómh­achtach le banríghin Étiópia, le Candacé, fear a bhí os cionn a saidh­bhris go léir aici, agus bhí sé tar éis teacht go Ierúsalem chun Dia d’adhradh; 28Agus bhí sé ag dul thar n‑ais agus é ’n‑a shuidhe ’n‑a charbad, agus Isáias fáidh aige d’á léighe. 29Agus dubhairt an Spioraid le Pilib: Imthigh anonn agus cuir thu féin i n‑aice an charbaid sin. 30Tháinig Pilib i n’aice agus d’airigh sé é ag léighe Isáias fáidh, agus dubhairt sé: An dóigh leat a’ dtuigeann tú an nídh atá agat d’á léighe? 31Dubhairt seisean: Agus conus is féidir dom é thuisgint mura dtais­beánaidh duine éigin dom é? Agus d’iarr sé ar Philib dul suas agus suidhe i n’aice. 32Agus sidé an áit de’n sgrip­tiúir a bhí aige dá léighe: [1]Do seóladh chun a mharbhtha é mar a seólfí caora; agus, ar nós an uain a bhéadh gan guth i láthair a bhearbóra, níor osgail sé a bhéal. 33I n‑úmhluigh­eacht do tógadh uaidh a bhreith­eamhantas. Cé neósfaidh a ghein­ealach? Óir tógfar a bheatha de’n dtalamh. 34Agus d’fhreagair an coillteán­ach agus dubhairt sé le Pilib: Ath­chuinghim ort cia air go labhrann an fáidh an chainnt sin? an air féin nú an ar dhuine eile? 35Ansan d’osgail Pilib a bhéal agus thusnuigh sé leis an sgrip­tiúir sin agus do chraobh­sgaoil sé Íosa dhó. 36Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteán­ach: Féach an t‑uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí me? 37Ach dubhairt Pilib: Má chreid­eann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán ní misde é. Agus d’fhreagair seisean agus

  1. Isáias liii. 7.