20Agus láithreach, ins na sinanógaibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é. 21Agus bhí uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís: Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n‑Ierúsalem ar an muinntir a ghlaodhadh ar an ainim sin, agus nách é gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag triall ar uachtaránaibh na sagart? 22Ach bhí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n‑Iúdach ar mearaídhe, a raibh i nDamascus díobh, toisg é bheith ghá dheimhniú gur b’ é sin ar Críost.
23Agus nuair a bhí a lán laethanta caithte dhein na Iúdaígh a bheartú, do thoil a chéile, go marbhóchaidís é. 24Ach do fuair Saul eólus ar iad a bheith ar a thí. [1]Agus bhí lucht cimeádta acu ar na geataíbh do ló agus d’oidhche, chun go marbhóchaidís é. 25Ach do thóg na deisgiobuil é sa n‑oidhche agus cuireadar síos de dhruim an fhalla é i gciseán. 26Agus tháinig sé go Ierúsalem agus mheas sé dul leis na deisgiobuil, ach bhí eagla acu go léir roimis agus ní chreidfidís gur dheisgiobul é. 27Ach do thób Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h‑Aspoil é agus d’innis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obair chalma i n‑ainim Íosa, i nDamascus. 28Agus bhí sé ’n‑a bhfochair, ag gabháil amach agus ag gabháil isteach i n‑Ierúsalem agus obair chalma aige ’á dhéanamh i n‑ainim an Tighearna. 29Do labhradh sé mar an gcéadna leis na geintibh agus bhíodh sé ag díospóireacht leis na Gréagaigh; agus bhíodar san a d’iarraidh é chur chun báis. 30Fuair na bráithre an nídh sin amach agus do rugadar go Caesaréa é agus chuireadar as san go Tarsus é.
31Agus bhí síothcháin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa goléir agus rt fuid Ghaililí agus Shamaría, agus bhí sí ag dul ar aghaidh ag gluaiseacht i n‑eagla an Tighearna, agus í dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh. 32Agus do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa tímpal ortha, go dtáinig sé chun na naomh a bhí ’n‑a
- ↑ 2 Cor. xi. 32.