gcomhnuíghe i Lidda. 33Agus fuair sé sa n‑áit sin duine d’ár bh’ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar a leabaidh ar feadh ocht mblian. 34Agus dubhairt Peadar leis: A Énéis, tá an Tighearna Íosa Críost ag tabhairt sláinte dhuit. Eirigh agus córuigh do leabaidh! Agus d’eirigh sé láithreach. 35Agus chonnaic muinntir Lidda go léir é agus muinntir Sharóna, agus d’iompuighdar chun an Tighearna.
36Agus bhí i n‑Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-gníomhartha agus a lán déarca aici sin ’á dhéanamh. 37Agus do thárla ins na laethibh sin gur buaileadh breóite í agus go bhfuair sí bás. Agus do níghdar í agus chuireadar sa tseómra uachtarach í. 38Ach, ó bhí Lidda cómhgarach do Ioppé agus gur airigh na deisgiobuil Peadar a bheith sa n‑áit sin, chuireadar beirt fhear chuige ’ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag triall orainn. 39Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintreacha ’n‑a seasamh ’n‑a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh. 40Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuighthe, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, eirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’eirigh sí aniar. 41Agus thug sé a lámh di agus chuir sé ’n‑a seasamh í. Agus do ghlaoidh sé isteach na naoimh agus na baintreacha agus thug sé suas dóibh í ’n‑a beathaidh. 42Ansan do h‑innseadh é ar fuaid Ioppé go léir agus do chreid a lán daoine sa Tighearna. 43Agus do thuit amach gur fhan sé mórán laethanta i n‑Ioppé, i dtigh fir gur b’ ainim dó Símón, fear leathair do leasú.