an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’agaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé: 31A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe aguf tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé. 32Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin, ar Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, an fear leasuighthe leathair, i n‑aice na faraige. 33Ansan do chuireas fios ortsa láithreach agus is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile nídh a dh’órduigh Dia dhuit.
34Ansan d’osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé: Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do [1]phearsain seachas pearsa, 35Ach go bhféachann sé do’n t‑é sin, ins gach cine, ’na mbíonn a eagla air agus a dheineann fíoraontacht.[* 1] 36Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh): 37Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, [2]óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobhsgaoil Eóin: 38Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis. 39Agus if fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé i gcrích na nIúdach agus i n‑Ierúsalem, gur cuireadh chun báis é ’dhá chrochadh ar an gcrann. 40Agus do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint
- ↑ Deut. x. 17; 2 Par. xix. 7; Iób xxxiv. 19; Eagna vi. 8; Eccli. xxxv. 15; Rómh. ii. 11; Gal. ii. 6; 1 Pead. i. 17.
- ↑ Lúc. iv. 14.
- ↑ Ver. 35. “Ins gach cine,” ⁊rl., .i. Ní Iúdaígh amháin ach geinte leis, pé cine gur díobh iad, atá taithneamhach i láthair Dé, má tá eagla Dé ortha agus má dheinid siad deagh-oibreacha. Ach tuigtear i gcómhnuighe nách fuláir dóibh an creideamh fírinneach a bheith acu, óir “gan creideamh (adeir Pól naomhtha, Eabh. xi. 6) ní féidir Dia do shásamh.” Seachain, d’á bhrígh sin, an mhuinntir a deir, a’ brígh na cainnte sin, gur féidir do lucht gach creidimh bheith taithneamhach i láthair Dé. Mar ó nár tháinig ó Dhia ach an creideamh fírinneach, is léir gur ó athair an éitigh atá gach creideamh fallsa, agus nách féidir dóibh gan bheith míthaithneamhach i láthair Dé na fírinne.