é, 41Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch i n’fhochair rar éis eirighthe dhó ós na mairbh. 42Agus d’órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiadhnaise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n‑a bhreitheamh ar bheóibh agus ar mharbhaíbh. [1]43Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadhnaise, gur i n’ainim-sean atá maitheamhnachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.
44An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnte sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. 45Agus lucht an tímpallghearrtha a tháinig i n‑aonfeacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh. 46Mar bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteangthacha agus ag móradh Dé. 47Ansan d’fhreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge chimeád uainn sar a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin? 48Agus d’órduigh sé iad do bhaiste i n‑ainim an Tighearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fainmhaint ’n‑a bhfochair raint laethanta.
Caibidiol XI.
Peadar ghá thaisbeáint go raibh an ceart aige ’á dhéanamh nuair a bhí sé ag glacadh na ngeinte isteach sa n‑Eaglais. Iompódh a lán i n‑Antioch.
1Agus d’airigh na h‑Aspoil agus na bráithre a bhí i n‑Iúdaéa gur ghlac na geinte, leis, briathar Dé. 2Ansan nuair a chuaidh Peadar suas go Ierúsalem bhí lucht an tímpallghearrtha ag aighneas leis, 3Agus deiridís: Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpallghearradh ortha agus bia chaitheamh n‑a bhfochair? 4Agus thusnuigh Peadar agus d’innis sé an sgéal dóibh tríd síos, mar seo.
5Bhíos i gcathair Ioppé ag déanamh urnuighthe agus
- ↑ Ierem. xxxi. 34.