Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/42

This page has been proofread.
322
Caib. XII. 3
Gníomhartha na n‑Aspol

3Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach. 4Do ghaibh sé é agus chuir sé i bpríosún é agus chuir sé cheithre ceathrair de lucht airm ’ghá chimeád, chun go dtabhar­fadh sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.

5Ansan bhí Peadar sa phríosún, fé chimeád, ach bhí úrnuigh­the ag dul suas chun Dé ar a shon, gan stad, ó’n eaglais go léir.

6Agus nuair a bhí Héród chun é tabhairt os cómhair na ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san ’n‑a luighe idir bheirt lucht airm, agus é ceangail­te le dhá shlabhra, agus bhí lucht cimeádta lasmuich de’n dorus ag cimeád an phríosúin. 7Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d‑Tighearna i n‑aice leis, aguf do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t‑aingeal sa chliathán é agus dúisigh sé é, aguf dubhairt sé: Eirigh d’urchar! 8Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh. Agus dubhairt an t‑aingeal leis: Cuir umat do chrios agus do bhróga. Agus do dhein. Agus dubairt sé leis: Cuir umat do bhrat agus lean me. 9Agus bhí sé ’ghá lean­mhaint amach, agus ní raibh ’fios aige gur bh’fhíor gur b’aingeal a bhí ’ghá dhéanamh; ach is amhlaidh a cheap sé gur bh’ailting a bhí aige dá fheisgint. 10Agus cuadar thar an gcéad lucht faire agus thar an tarna lucht faire, agus thánadar chun an gheata iarainn, an geata chun na catharach, agus d’osgail an geata uaidh féin dóibh. Chuadar amach agus shiúbh­luigheadar aon tsráid amháin, agus ansan d’imthigh an t‑aingeal go h‑obann uaidh.

11Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt sé: Tá fhios agam anois og fíor gur b’é an Tighearna do chuir a aingeal chugham ’am fhuas­gailt a’ láimh Héróid agus ó gach nídh ’na bhfuil an pobul Iúdach ag súil leis. 12Ansan, as a mhacht­namh, tháinig sé chun tighe Mháire, máthair Eóin ar a dtugtí Marcus, aguf bhí mórán daoine cruin­nighthe ann agus iad ag déanamh úrnuigh­the. 13Bhuail sé cómhla an doruis. Tháinig amach, ’ghá fhreag­airt, cailín ’nar bh’ainim di Rodé. 14Agus d’aithin sí guth Pheadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níor osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus