duine seo gheibheann gach aoinne, a chreideann, fíoraontacht. 40Seachnaid, d’á bhrígh sin, sar a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh: 41[1]Féachaidh, a lucht an neamhshuime, agus deinidh iongna, agus éagaidh, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nbhúr laethibhse, obair ná creidfidh sibhse, má ínnseann aoinne dhaoibh é.
42Agus nuair a bhíodar ag imtheacht amach d’iarradar ortha an chainnt sin do labhairt leó sa tsabbóid a bhí chughainn. 43Agus nuair a dísgaoileadh an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaígh, agus de sna daoine iasachta bhí diadha, Pól agus Barnabas, agus do chabhruigheadar-san leó agus chómhairlígheadar dóibh leanmhaint i ngrásta Dé.
44An tsabbóid a bhí chughainn tháinig an chathair go léir, nách mór, chun éisteacht le briathar Dé. 45Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhíodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go diamhasluightheach. 46Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: Is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt ar dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nách fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha síoruidhe dh’fhághail, táimídne, féach, ag iompáil chun na ngeinte. 47Óir seo mar a dh’órduigh an Tighearna dhúinn: [2]Chuireas tu mar sholus do sna geintibh, ionuf go mbeitheá ad ádhbhar slánuighthe go dtí imeall an domhain. 48Nuair airigh na geinte an nídh sin bhí áthas ortha agus bhíodar ag tabhairt glóire do bhriathar Dé, agus do chreid an méid acu a bhí roimh-órduighthe chun na beatha síoruidhe.
49Agus do leathadh briathar an Tighearna tríd an ndúthaigh go léir. 50Ach do shéid na Iúdaígh fé sna mnáibh diadha onóracha agus fé uaislibh na catharach agus mhúsgladar géarleanmhaint ar Phól agus ar Bharnabas agus chomáineadar as an dtír iad. 51[3]Agus dheineadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n‑a gcoinnibh agus thánadar go h‑Icónium. 52Agus do líonadh na deisgiobuil le sólás agus leis an Spioraid Naomh.
- ↑ Habac. i. 5.
- ↑ Isáias xlix. 6.
- ↑ Mait. x. 14; Marc. vi. 11; Lúc. v. 9.