Caibidiol XIV.
Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i n‑Icónium agus i Listra. Cláiríneach ’á leigheas. Daoine ghá mheas gur déithe iad. Gabhtar do chlochaibh ar Phól. Deinid siad seanmóiniú i nDerbé agus i bPergé.
1Agus do thuit amach i n‑Icónium go ndeaghadar isteach i n‑aonfheacht i singagóig na nIudach agus gur dheineadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar de sna Iúdaígh agus de sna Gréagaigh. 2Ach na Iúdaigh a bhí díchreideamhach, do ghríosadar agus do shéideadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre. 3Ach d’fhanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainghín as an dTighearna, agus é ag déanamh fiadhnaise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbhúiltí uathbhásacha d’á ndéanam le n‑a lámhaibh. 4Bhí muinntir na catharach deighilte, ámhthach, cuid acu ag gabháil leif na Iúdaígh agus cuid acu ag gabháil leis na h‑Aspuil. 5Agus d’eirigh fuadar fé sna geintibh agus fé sna Iúdaígh, agus fé sna h‑uachtaráin, chun iad do tharcuisniú agus gabháil do chlochaibh ortha, 6Agus thuigeadar (an nídh sin) agus do theitheadar go Listra agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí an rír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobh-sgaoile an tSoisgéil sa n‑áit sin.
7Agus bhí duine i Listra, n‑a shuídhe, agus é gan lúth a chos ó fhág sé bruinn a mháthar, agus níor shiúbhluigh sé riamh. 8D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a shlánuighthe, 9Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad seasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n‑a seasamh agus shiúbhluigh sé.
10Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árduigheadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riochtaibh daoine, tagaithe anuas chúgainn. 11Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas agus Mercurí ar Phól mar is aige bhí buadh cainnte. 12Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de’n chathair agus thug sé leis tairbh agus coróinneacha, ar aghaidh an geata, chun go ndéanfaidh sé déin agus na daoine