dtugtí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre, 23Agus go gcurfí an sgríbhinn seo ar a lámhaibh:
Ó sna h‑Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngeinteach atá i n‑Antióch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh. 24Toisg gur airígheamair go ndeaghaidh daoine amach uainne agus gur chuireadar buaireamh oraibhse, ag suathadh bhur n‑aigne te neithibh nár órduigheamairne, 25Do thánamair i bhfochair a chéile agus do shocaruígheamair ar fhearaibh do thogha agus do chur chúghaibh i n‑aonfheacht le n‑ár gcáirdibh ionmhuine Barnabas agus Pól, 26Fir a thug a n‑anam ar son ainime ár dTighearna Íosa Críost. 27Tá curtha uainn againn, d’á bhrígh sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na neithe céadna. 28Is toil leis an Spioraid Naomh agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse ach an méid seo atá riachtanach .i., 29Ná h‑íosfaidh sibh neithe do h‑ídhbhreadh d’íomhághthibh, ná fuil, ná feóil a tachtadh, agus go staonfaidh sibh ó dhrúis. Má dhéineann sibh an méid sin beidh an sgéal go maith agaibh. Slán libh.”[1]
30Ansan do cuireadh iad-san chun siubhail agus chuadar síos go h‑Antioch, agus chruinnígheadar an pobul agus thugadar uatha an sgríbhinn, 31Agus nuair a léigheadh é bhí áthas ortha mar gheall ar an sólás. 32Ach fáidhí ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus dheineadar mórán cainnte leis na bráithribh agus thugadar mórán sólás dóibh agus mórán misnigh. 33Ansan d’fhanadar ann rainnt aimsire agus ’n‑a dhiaidh san do chuir na bráithre chun siubhail iad go síothach ag triall ar an muinntir
- ↑ Ver. 29. “Ná fuil, na feóil a tachtadh.” Neithe iad san a bhí neamhdhíobhálach ionta féin ach do coisgeadh an uair sin iad i dtreó gur bh’usaide na Iúdaígh do mhealladh chun cómhluadair leis na geintibh agus tathaighe thabhairt do sna geintibh ar bheith freagarthach. Níor lean an cosg ach tamall, ámhthach, agus tá sé imighthe le fada riamh, go mór mór a h‑eagailsibh an taoíbh thiar de’n Eúróip.