an mbíodh san amhlaidh.[* 1] 12Agus do chreid a lán acu, agus de sna mnáibh geinteacha a bhí uasal, agus cuid nár bheag de sna fearaibh. 13Ansan d’airigh na Iúdaigh i dTesaloníca go raibh Pól ag teagasg bréithir Dé i mBeréa agus thánadar ann ag déanamh toirmisg ag cur thré chéile ar na daoine. 14Ansan, go tapaidh, chuir na bráithre Pól chun na faraige; ach d’fhan Sílas aguf Tímoteus sa n‑áit.
15Agus an mhuinntir a chuaidh le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus thug sé órdú dhóibh le tabhairt do Shílas agus do Thímoteus ’ghá rádh leó teacht ag triall air láithreach, agus ghluaiseadar.
16An fhaid a bhí Pól i n‑Aténé ag feitheamh leó d’eirigh dásacht aigne istigh ann nuair a chonnaic sé an chathair tabhartha suas ar fad d’adhradh na n‑íodhol. 17Bhíodh sé, dá bhrígh sin, ag díospóireacht sa tsinagóig leis na Iúdaígh agus leis na daoine a bhí diadha, agus i n‑áit an mhargaidh gach aon lá, leis na daoine a bhíodh ann. 18Agus bhíodh cuid d’ollamhnaibh na n‑Epicúrach agus na Stóiceach ag cur air, agus deireadh cuid acu: Cad ’tá ó’n bhfear so n‑a bhfuil an chainnt go léir aige? Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige ’á chraobhsgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i dtaobh Íosa agus i dtaobh na h‑aiseiríghe. 19Ansan do rugadar air agus thógadar leó é go dtí an t‑Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thabhairt uait? 20Tá neithe nua agat ’á chur i n‑ár gcluasaibh. Ba mhaith linn a fhios a bheith againn cad é an saghas neithe iad. 21(Ba ghnáth, ámhthach, leis na h‑Aténigh go léir agus le pé daoine iasachta a bhíodh ann gan suim a chur
- ↑ Ver. 11. “Níos uaisle.” Moltar, agus is ceart é, Iúdaígh Bheréa mar gheall ar an bhfírinne do ghlacadh chómh fonnmhar, agus bheith ag sgrúdadh na Sgríbhinne Diadha chun na cainnte a dúbhairt na h‑aspuil a dh’fhághail amach. Ba ghalánta go mór an nídh sin ’ná an rud a dhein muinntir Thessaloníca, .i. lucht an tSoisgéil do chrádh gan aon chuardach a dhéanamh féachaint ar bh’fhíor an rud a bhí acu d’á mhúine.