oidhche: Ná bíodh eagal ort, ach labhair agus ná h‑eist,[* 1] 10Óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo agamsa.
11Agus d’fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg bréithir Dé ’n‑a measg. 12Ach nuair a bhí Gallió ’n‑a phróchonsul i n‑Acaía d’eirigh na Iúdaigh, do thoil á chéile i n‑aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t‑suidhebhratha é, 13Agus dubhradar: Tá an fear so ag cur na ndaoine suas chun Dia d’adhradh go h‑aindleaghthach. 14Ach nuair a bhí Pól ag tusnú ar a bhéal a bhogadh chun labhartha dubhairt Gallió leis na Iúdaígh: A fheara Iúdacha, dá mba éagcóir é, nú coir chionntach ana-olc, ba cheart dom cur suas libh. 15Ach má’s cúrsaí focal é, agus ainimneacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh féin chuige: ní h‑áil liomsa bheith am breitheamh ar na neithibh sin. 16Agus do chomáin sé ó’n suidhebhratha iad. 17Agus do rugadar go léir ar Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómair an tsuidhebhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n‑aon nídh de sna neithibh sin.
18D’fhan Pól mórán laethanta sa n‑áit. Ansan d’fhág sé slán ag na bráithribh agus chuaidh sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n‑aonfheacht leis) [1]tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí móid aige. 19Agus tháinig sé go dtí Ephesus agus d’fhág sé iad-san ann. Agus chuaidh sé féin isteach sa tsinagóig ag díospóireacht leis na Iúdaígh. 20Agus d’iarradar air fanmhaint níos sia ach níor thoiligh sé chuige, 21Ach d’fhág sé slán acu agus dubhairt sé: Tiocfad chúghaibh airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imthigh sé ó Ephesus.
22Agus chuaidh sé síos go Caesarea. Ansan chuaidh sé suas[* 2] agus bheannuigh sé do’n eaglais, agus chuaidh sé síos go h‑Antioch.
23Chaith sé suim aimsire ansan, agus ghluais sé tré
- ↑ Num. vi. 18; Infra xxi. 24.