a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangalóchaid na Iúdaígh é i n‑Ierúsalem, agus tabharfaid siad i lámhaibh na nGeinte é. 12Nuair airighmair-ne an méid sin bhíomair féin agus muinntir na h‑áite sin ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. 13Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagradh: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroidhe? Táimse ollamh, ní h‑amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. 14Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éisteamair, agus dubhramair: Toil an Tighearna go ndeintear!
15Agus tar éis na laethanta san d’ollmhuighmair sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16Agus tháinig i n‑aonfheacht linn cuid de sna deisgiobuil ó Chaesaréa, agus Cupriánach ’n‑a dteannta, duine dár bh’ainim Mnasón, seana-dheisgiobul, n‑a rabhmair chun bheith ar lóisdín aige.
17Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach. 18Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinnighthe ann. 19Bheannuigh sé dhóibh agus d’innis sé dhóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n‑a fhrithálamh féin, ameasg na nGeinte. 20Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe. 21d’airighdar, ámhthach, go bhfuilirse ghá chur ’n‑a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiachaibh ortha tímpallghearradh do dhéanamh ar a gclainn, ná réir na dlíghe do leanmhaint. 22Cad ’tá le déanamh mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú mar aireóchaid siad gur thánaís. 23Dein an nídh seo a deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn go bhfuil móid ortha. 24Tóg leat iad san agus glantar thú i n‑aonfheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó go [1]mbeárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne
- ↑ Num vi. 18; Supra, xviii. 18.