Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/86

This page has been proofread.
366
Caib. XXVII. 11
Gníomhartha na n‑Aspol

ualaigh atá inti ach d’ár n‑anam féin chómh mait. 11Ach ba mhó an tsuim a chuir an taoiseach céad i ngiolla na luinge agus i máigh­istir na luinge ’ná i gcainnt Phóil. 12Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamh­nach go maith chun an gheimh­ridh a chaith­eamh ann do chómhair­ligh an chuid ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféad­faidís dul agus an geimh­readh chaith­eamh i bhFoenícé, cuan de chuan­taibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

13Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluais­eadar ó Assan agus san chiumhais trágha Chréta. 14Ach go luath ’n‑a dhiaidh san d’eirigh n‑a coinnibh go stoirm­eamhail an ghaoth ar a dtugtar Euro­acuiló. 15Do sguabadh chun siúbhail an long mar níor féad sí cur i gcoinnibh na gaoithe, agus do sgaoil­eadh leis an ngaoith sinn. 16Do comáin­eadh isteach sinn fé sgáth oileáin dár bh’ainim Cauda, agus is ar éigin fhéad­amair an bád do thógaint chúghainn; 17Do thógadar é agus dhein­eadar úsáid de chabhar­thaibh agus chuir­eadar fúnsaí fé’n luing; agus le h‑eagla go dtuit­fidís isteach sa bheó-ghainimh do leagadar na seólta, agus bhíodar ag imtheacht ar an gcuma san. 18An lá ’n‑a dhiaidh san dhein­eadar caitheamh amach, óir bhíomair ghár suathadh go ró-mhór leis an stoirm. 19Agus an trímhadh lá do chaith­eadar amach le n‑a lámhaibh féin gléas na luinge. 20Ansan bhíomair mórán laethanta gan grian na réiltín a dh’fheisgint, agus stoirm nár bheag ag bagairt orainn, i dtreó go raibh gach súil le n‑ár dteacht slán imighthe.

21Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaith­eamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, is mairg nár glacadh mo chómh­airle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcaill­eamhaint seo. 22Agus anois iarraim oraibh misneach a bheith agaibh. Ní caillfar aon duine agaibh, ach an long amháin. 23Óir do sheasaimh taoibh liom anocht aingeal Dé, n‑ar leis mise agus dá ndeinim seirbhís, 24Agus dubhairt sé: Ná bíodh eagal ort, a Phóil. Ní foláir duit seasamh i láthair Chaesair; agus féach, gach a bhfuil de dhaoine ar aon luing leat táid siad