9
a capaill ⁊ rug sí ar láiṁ ar Ċormac agus duḃairt leis go móḋaṁail maiseaṁail gur ṁaiṫ an roġa rinne sé.
“Rinne sé an roġa a d’órduiġ Dia,” ar sise, “agus tá mise sásta, mar aonduine aṁáin, go ḃfuil sé mar sin. Taḃair ḋom do ḃeannaċt a Ṁacaoiṁ Óig ḋeáġ-ṁóidiġ mar ċoṁarṫa go ḃfuil carṫannas ⁊ síoṫċántaċt eadrainn.” D’iompuiġ sluaġ na Miḋe agus d’imṫiġ leó ó Ċaiseal ar n-ais an bealaċ lúbaċ a ṫángadar go Tlaċtġa ⁊ ḃí iongantas orraḃ ar fad faoi an mbród ⁊ an gáirdeaċas agus an lúṫġáir ḃí ar Ġormḟlaiṫ.
Ḃí brón, diombáḋ ⁊ briseaḋ croiḋe uirṫi ċeana; ḃí a súile ag lonnraḋ mar an ngréin anois, agus iad ag daṁsaḋ mar na réiltíní.
II.
Ní raiḃ sé i ḃfad ’n-a ḋiaiḋ seo nuair ċuir Flann iallaċ (d’ḟiaċaiḃ) ar Ġormḟlaiṫ i n-aġaiḋ a tola Cearḃall mac Muireagáin, Rí Laiġean, a ṗósaḋ.
Fear borb droċ-laḃarṫa ba eaḋ