Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/17

This page has been proofread.

11

bun an iomad coláistí árd-léiġinn leis na h-ealaḋnta a ṁúineaḋ.

An talaṁ a dóiġeaḋ agus a loisceaḋ ḃí sé dá ṡaoṫaruġaḋ anois—ḋá ṫreaḃaḋ ⁊ ḋá ḟursaḋ, agus ḃí an toraḋ ċoṁ maiṫ—na séasúir ċoṁ torṫaṁail sin naċ raiḃ an oiread is aonḋuine aṁáin ar ṫalaṁ ġlas na hÉireann a raiḃ ganntan ná easḃaiḋ éin-níḋ air.

Ar feaḋ na haimsire séanṁaire síoṫċánta so rinneaḋ Árd-Easpog do Ċormac; d’éiriġ sé ó ċéim go céim san Eaglais. D’imṫiġ a ċáil amaċ i ḃfad agus i ngearr le filiḋeaċt ⁊ staruiḋeaċt.

Scríoḃ sé leaḃar seanaċais i scríḃinn daṫuiġṫe mar déantaoi ins an aimsir sin, lé go mbeaḋ fios ⁊ eólas ag na macaiḃ-léiġinn a ṫiocfaḋ ’n-a ḋiaiḋ ar ḃríġ focal ⁊ ainmeaċa áiteaċa, agus go ḃféadfaidis a gcuid staidéir a ḋéanaṁ agus a ċur i ḃfeiḋm níḋ b’ḟearr.

Ins an ċaoi seo ċaiṫ Cormac an t-am ḃí aige lé spáráil ó ġnóṫaí na hEaglaise ⁊ ó riaġluġaḋ na Cúige. Mo ḃrón agus mo ċreaċ ċráiḋte, ní fada ṁair an fear deáḃóideaċ foġlumṫa so agus anois inneósaimíd an tsiocair ḃáis ḃí aige.