Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/20

This page has been proofread.

14

ċaṫa ⁊ ag spreagaḋ Flainn le héad ar a ċéile. Agus nuair naċ gcuirfeaḋ Cormac an coṁrac ar an bpointe boise ar Flann, duḃairt Flaiṫḃeartaċ gur ċlaḋaire ḃí ann ⁊ ṫug sé gaċ uile ṁaslaḋ ḋó ní ba ṁeasa ná a ċéile.

Mar ġeall ar ṡaint, ar ċraos, agus ar éad na cléire seo is eaḋ ṫáinig an caṫ brónaċ soin ar maidin Dé Máirt, an seaċtṁaḋ lá déag de Ṁeaḋón Ḟoġṁair san mbliaḋain naoi gcéad agus a hoċt.

Mo ḃrón agus mo ċreaċ! b’é sin lá an áir, b’é an lá dólásaċ fuilteaċ mí-ṫrócaireaċ é. Riġte na hÉireann, uaisle agus tuaṫaiġ na tíre ag troid agus ag marḃaḋ a ċéile mar ġeall ar ċléir éadṁair.

Níor taisbeánaḋ éan-ḟómós do’n ċléir, agus níor spáráileaḋ iad aċt an oiread leis na tuaṫaiġ. Ḃí páirc an ḃuailte líonta suas le daoine gonta ⁊ marḃ, ’na gcárnáin i mullaċ a ċéile, ’n-a sraṫanna mar ḃeaḋ cocaí féir i bpáirc.

Sguab sluaiġte Laiġean Rí Cormac agus a ṡluaġ rompa. Ḃí capall Ċormaic ag léimneaċ ṫar trínse; sciorr sí ar an talaṁ