Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/23

This page has been proofread.

17

Ċualaiḋ Niall Glúnduḃ, an rí óg ḃí ar Aileaċ, an maslaḋ tugaḋ di, agus an míċeart rinneaḋ uirri, agus naċ tógfaḋ a haṫair a páirt. Ḃailiġ sé i dteannta a ċéile, gan mórán moille, sluaiġte Ulaḋ, agus aníos le n-a n-arm ċoṁ fada le himioll Ċúige Laiġean le caṫ a ṫaḃairt do Ċearḃall.

Nuair ċualaiḋ Gormḟlaiṫ go raiḃ sé ċum coṁraic a ṫaḃairt do Ċearḃall, ċuir sí teaċtairí ċoṁ fada leis ⁊ ċuir sí mar impiḋe air mar ḟómós di-se gan dul ag troid le Cúige Laiġean, aċt imṫeaċt ar n-ais a-ḃaile. Is ar éigin a ċoinniġ sé seo é gan dul ag troid. Ba ṁian leis í ṫaḃairt faoi ċuṁdaċ ċuṁaċtaċ sluaiġte Ulaḋ. Ní leigfeaḋ sí ḋó an méid seo féin a ḋéanaṁ, agus d’iarr sí arís air é mar aṫċuinge.

Faoi ḋeireaḋ ġéill Niall di ⁊ ċuadar ar n-ais go Cúige Ulaḋ arís.

’N-a ḋiaiḋ seo d’ḟéaċ Gormḟlaiṫ le scaraṁaint dliġeaṁail ḟaġáil ó Ċearḃall ⁊ fuair sí é ó n-a breiṫeaṁain.

D’iarr Niall uirri é ṗósaḋ, aċt ceap sí, siúd is go raiḃ sí scaoilte i n-ainm an