19
féin i gcóir le bruġaḋ eile ṫaḃairt dóiḃ i n-a longṗort láidir féin. Ṫáinig na Loċlannaiġ amaċ i gcoinne Néill ⁊ casaḋ an dá arm, nó sluaġ, ar a ċéile taoḃ amuiġ do’n ċaṫair, agus ṫosnuiġeadar ar ṫroid ⁊ ar ṫroid leó ċoṁ tréan is ṫroid éan-airm ċuaiḋ ar ṗáirc an ḃuailte roiṁe nó ’n-a ḋiaiḋ ariaṁ.
Aċt, fairíor ⁊ fairíor ġéar! ⁊ mo léan ⁊ mo ḃrón ⁊ mo ċreaċ ċráiḋte! fuair na Loċlannaiġ an buaḋ ar ṡluaiġte na hÉireann an lá soin, ⁊ marḃaḋ Niall féin ċoṁ maiṫ leis an ċuid is mó d’á laoċraiḋ.
Tar éis ḃáis Néill[1] ṫuit an brat, a réir dliġe, ar Ḋonnċaḋ, dearḃráṫair Ġormḟlaiṫ, agus is aige ċoṁnuiḋ sí go ḃfuair sí bás, ċúig bliaḋna i ndiaiḋ na haimsire seo.
Aċt ḃí mío-ḟortún eile ag Dia faoi ċoṁair na bainríoġna so.
Ḃí uaigneas agus diombáḋ ⁊ briseaḋ ċroiḋe uirri nuair cailleaḋ a gaolta go léir beagnaċ, ⁊ ins na dánta scríoḃ sí—mar bíoḋ ḟios agaiḃ go raiḃ sí ar an gceann is fearr de ḃan-ḟiliḋiḃ na hÉir-
- ↑ Dia Céadaoin, an seaċtṁaḋ lá déag de ṁí ḋeiriḋ an Ḟoġṁair, 917.