Page:Irische Texte 1.djvu/206

This page has been proofread.
184
VII Fís Adamnáin.

[LU:]
co curend úadi in draic inichtarach i n‑gin díabail. Is andsin fogeib comslaintius cacha huilc la frecnarcus díabail tria bithu sír.

21. O ro foillsig thra aingel in choimtechta do anmain Adomnan (sic) na físi sea flatha nimi ocus cétimthúsa cecha hanma iar techt assa curp, ros fuc leis hí iarsin d’insaigid iffirn iníchtaraig co n‑immud a pían ocus a ríag ocus a thodernam.

Is é iarom cétna tír coso-ránic, tír n‑dub n‑dóthide, sé folom follscide cen péin and etir. Glend lán di thenid fris anall. Lassar dermár and, co téit dar a oraib for cech leth. Dub a íchtur, derg a medón ocus a uachtor. Ocht m‑bíastai and, a súli amal bruthu tentidi.

22. Drochet dérmár dan darsin n‑glend. Gabaid ond ur co araili, ard a medón, isli immorro a dá n‑imechtar. Trí


[LBr:]
i n-gin diabuil. Is andsin tra fógeib comlantius cecha huilc la hesbaid cech maithiusa i frecnarcus múinntire ifirn tria bithu sír.

21. O ro fáillsig tra aingel na coemtechta do anmain Adamnáin na fisi sea flatha nime ocus cetimmtús cecha hanma iar teacht a curp, ruc lais iarsin do atháscnám ifirn iníchtaraig co n‑immud a pian ocus a thodernam.

Is e tra cetna tír frisa comrancatar, i. tír n‑dub n‑dorcha, is e folomm foloisthi (sic) cen phéin itir and. Glénd lan do thenid ris anall. Lassar ann, co teit dar a hora for cech leth. Dub a híchtar, derg a medon ocus a uachtar. Ocht m‑biasta and, a súili amal brutta tentidi.

22. Droichet dermair diu darsin n‑glend. Gabaid ond ur co araile, ard a medon, ísle immorro a chind. Tri sloig ic a airmirt dia inottacht, ocus ni huili ro segut tairis. Slog díb,