Page:Irische Texte 1.djvu/211

This page has been proofread.
189
VII Fís Adamnáin.

[LU:]
Is iat immorro na náidin filet oc á n‑athchuma inn ǽsa graid, i. it é sin in lucht, ro herbad dóib do lesugud, ocus ni ros lesaigset ocus ní ros cairgetár imó pecdaib.

29. Atat dan drem dermár aile and sair síar doib cen tairisem dar na lecaib tentidib oc cathugud fri slúagaib na n‑demna. At lir turim thra frassa na saiget for dérglasad dóib o na demnaib. Tíagait inna rith cen turbród cen tairsem, co rochet dublocha ocus dubaibne do bádud na saiget sin intib. Atodíuri thrá ocus at trúaga na gáre ocus na golgaire doníat in pheccdaig isna uscib sin, ar is tormach pene ros tá doib. Is iat trá filet isin phéin sin, cerdda ocus círmaire ocus cennaige esinraice, brethemain gúbretaig na n‑Íudaide ocus caich archena ocus ríg ecraibdig, ærchinnig cláin ate colaig, mná adaltracha ocus techtaire nos millet ina mígnimaib. Attá dan múr tened fri tír inna pían anall; adúathmairiu ocus acairbiu hé fo secht, andá tír na pían


[LBr:]
oes gráid tairmdechatar a n‑grada, ocus fuathcráibdig ocus brecaire brécait ocus sæbaitt na slógu ocus gabait forru ferta ocus mírbuli nátcumgat do dénam doib.

29. Drem dermáir aile and sair siar doib cen tairisium darsna leccaib tentidib oc cathugud fri slogu na n‑demnu. At lir tra frassa na soiget for derglasad o na demnaib foraib ocus na rith doib cen turbród cen toirisium, co roichet dublocha ocus dubaibne do badud na soiget sin inntib. At todíuiri tra ocus at trogu na golgaire dogniat na pecdaig isna huscib sin, ar is tórmach péni ros tá de. Is iat tra filet isin phen sin, i. cerda ocus círmaire ocus cendaigi esindricca, brethemain[1] gubrethaig na n‑Íudaigi ocus rig écraibdig, airchindig chloincholaig, mná adaltracha ocus techtaire nos millet ina mígnimu, ocus cáinte. Ata din múr tened fri tír na pían anall; aduathmairi ocus accairbe he fo secht, oltas tír

  1. bretheman LBr.