[LU:]
ind úair sin ocus tennait a n‑ette fria curpu, co tecait srotha fola estib ar ómun pían n‑iffirnd ocus lathe brátha.
34. In tan iarom is iat anmand inna nǽm díanid erdalta síraittreb flatha nimi, dogníat in guba sin, bá dethbiri do dainib in domain, cíamtis déra fola, dognetís oc crochill lathi brátha ocus pían n‑iffirnd. Is and sin icfas in comdiu a chommáin féin fri cach n‑duni isin domun, i. fochraice dona fírenaib ocus píana dona pecdachaib. Cuirfitir iarum amal sin in pecdaig i fudamain péne suthaine forsa n‑íadfa glas brethre Dé fó míscaid bretheman brátha tri bith sir. Bértair immorro ind náim ind ḟireóin lucht na deirce ocus na trócairi for deis Dé do bithaittreb flatha nimi, i. áit i m‑biat isin mórglóir sin cen ǽs cen urchra cen crích cen forcend tria bithu sír.
[LBr:]
corpaib, co tecait srotha fola estib ar uamun pian ifirn ocus lathi brátha.
34. In tan tra is iat anmand ina fírén ocus na noem dianid irdalta siraitreb flatha nime, dogniat in n‑guba sin, ba dethbir do dóinib domain, ciamtís déra fala, dognétís ar uamun lái brátha. Beti iarom uilc immda ocus imnedai mora isin ló sin, i. lathi brátha. Is and sin hícfas in coimdid a chomáin fén fri cech oenduine isin domun, piana laiss dona pecdachaib, focraici immorro doha fírenaib. Cuirfithir din amlaid sin i fúdomain na pene suthaine, conus iadfa glass brétri Dé fo míscaid brethemun brátha. Berthar din na nóim ocus na fireóin lucht na derci ocus na trócaire for deis Dé do bithaitreb. Beit iarom isin morgloir sin i n‑oentaid diadachta ocus doenachta maic Dé, isin oentaid is uaisli cech n‑oentaid, i n‑oentaid na nóemtrinoti, athar ocus maic ocus spirtu noim. Al¯ trocairi Dé tria immpidi Adamnain etc.
13*