Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/98

This page has been proofread.

FUAIMEANNA AGUS BLAS NA GAEDHILGE.

Teastuigheann ó’n Aireacht um Oideachas anois go múinfidhe fuaimeanna agus blas na Gaedhilge go maith dosna macaibh-léighinn i dtreo go bhféadfaídís an Ghaedhilg a labhairt go cruinn agus go binn agus go blasta. Na seandaoine nár léigh aon ghráiméar riamh, agus ná fuil aon eolas aca i dtaobh rialacha gramadaighe, agus ná tuigeann cad is bun le séimhiú ná le hurdhubhadh, tá cruinneas agus binneas cainnte aca ná bíonn ag na daoine óga inéachor. An blas agus na fuaimeanna fé ndeara san. An té go mbíonn na fuaimeanna agus an blas go maith aige ní chuireann séimhiú ná urdhubhadh trí n-a chéile é, mar tá dlúth-bhaint ag an bhfogharaidheacht leis an ngráiméar. Bíodh an blas agus na fuaimeanna go cruinn ag na macaibh-léighinn agus ní baoghal ná go dtiocfaidh leo an Ghaedhilg a labhairt agus a sgríobhadh go cruinn agus go beacht.

Chuige sin ní mór na fuaimeanna féin a chleachta i n-a gceann is i n-a gceann ar dtúis, agus ansan iad a chur le chéile fé mar a chuireann na seandaoine iad. An cur le chéile sin a dheineann an blas.

Ní deacair na fuaimeanna agus blas ceart na Gaedhilge do mhúineadh dos na macaibh-léighinn ins na sgoileanna i n-Éirinn, ach cur chuige i gceart. An Béarla a labhartar go coitianta i n-Éirinn ní mí-chosamhail leis an nGaedhilg féin é i dtaobh blas agus fuaimeanna. Is beag Éireannach go bhfuil fuaimeanna agus blas ceart an tSasanaigh aige ’na chuid Béarla. Ach tá ana chuid de fhuaimeanna na Gaedhilge aige, idir ghutaí agus dé-fhogharacha agus consainí.