Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/22

This page has not been proofread.
10
IRISH MINSTRELSY.

EIRE AGUS RIGH SEUMAS.


Eire.—Cia sin amuich?—(Séamas) Tá Séumas faoí
shioc,
Gan éadach ná cuid na h-oídhche.
Eire.—Mo léun-ghoirt-si sin! a chéad-shearc gan sibh,
A réim-cheirt ag scrios do naímhde;—
Acht daoradh na Scoit2 ’s mar traochadh a d-truip,
A’s gur céusadh an fuireann dílis,
D’fúig mé ’nois gan suilt, gan chléirich, gan chloig,
Ná caomh-chruit ag seinneadh laoíthe.

Seam.—A cheíle gan bhinib, budh éigean damh rith
Go h-éasga ó iomad bíodhbhadh;—
Mar do chlaonadar cuid, ’s do thréigeadar mé,
’S am aénar gan fuireann bhídheas-sa.—
Gídh Phénics tu bh-fuirm, glégheal mar lil,
’S do bhéul-sa mar mhil na bh-fírm-bheach
Ní’l éifeacht ann sin, ’s a’tréud-so tá stigh
Níos tréine ’ná sinne a ccoímheascar.