Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/246

This page has not been proofread.
234
IRISH MINSTRELSY.


MACTNADH AN DUINE DHOILGHIOSAICH.

Seághan O’Coileáin2 ró chan.


Oídhche dhamh go doilg, dúbhach,
Chois fhairge na d-tonn d-tréun,
Ag léursmuaíneadh a’s ag luadh,
Air chorraibh chruadha an t-saoghail,

Bhídh an ré ’s na réulta suas,
Níor chlos fuaim toinne ná tráigh.
’S ní raibh gal ann de’n n-gaoith
Do chroithfeadh bárr craínn ná bláith.

Do ghluaiseas ag machtnamh a’m aon,
Gan aire agam air raon mo shiúbhail,
Dorus cille gur dhearc mé,
’S an g-conair réidh air mo chionn.