Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/76

This page has not been proofread.
64
IRISH MINSTRELSY.

GRAINNE MHAOL.

Seághan Clárach2 ró chan.


A Shaoí ghlain de phríomh-sgoith na sár-fhear sáor!
Is bínn, snaoíghte laoíthe agus ráidhte séimh’;
An aoíbhinn leat dibirt ar ná’id go léir,
’S an rígh ceart a luígheadh ’nois le Gráinne Mhaol?

Beidhid soíllsi agus teínte geal cnáimh ag Gaodhail,
A’s fíonta d’á n-díogadh air clár le sgléip,
Beidh aoibhneas a’s íntinn air dháimh, a’s cléir,
Ag guídhe leis an rígh ceart ’s le Gráinne Mhaol.

Tá Laoíseach go buídheanmhar tar saíle ag téacht,
Le díograis chum díoghaltais le gárda a’s fao’ar,
Beídhid Saoíthe ar g-críche go bráth ’n a réim,
Ag díbirt a naimhde ó Ghráinne Mhaol.