Page:Irisleabhar na Gaedhilge vol 1 no 1.djvu/34

This page has been proofread.
24
THE GAELIC JOURNAL.

Beaṫa Ṡeaġain Ṁic Héil, Áirdeaspoig Ṫuama,

An Ċeud Ċaibidil.


Brontar molaḋ do’n té d’ár cóir é.


’Nuair a fáġas aṫair bás i d-tiġ air biṫ, biḋeann brón mór air a ċuid clainne. Déanann siad caint eatarra féin air an meud a riġne se agus air na briaṫraiḃ a duḃairt se ’nuair a ḃí se beo agus in a measg. Is maiṫ leo breaṫnuġaḋ air an ċaoi do ċaiṫ se a ḃeaṫa, ag amarc air gaċ bliaḋain, gaċ mí agus gaċ lá. Tá a ioṁaiġ fós ós cóṁair a súl, giḋ naċ ḃ-fuil se beo, agus naċ ḃ-fuil se ag caint leo mar ḃí go minic ins an am a tá anois ṫart. Ní ḃ-fuil focal a duḃairt se, no beallaċ in a ṡiuḃail se naċ ḃ-fuil faoi ṁeas. Agus mar sin dé, cuireann siad i g-ceann a ċéile, na briaṫra, na beallaiġ, na beusa agus na gníoṁarṫa buḋ ġnáṫaċ leis, le cuiṁniuġaḋ ó am go n-am a ḋéanaḋ orra. Eisteann siad go fonnṁar le duine air biṫ a ḃeireas eolus dóiḃ air ḃliaḋantaiḃ a ḃeaṫa—ag tráċt air neiṫiḃ éagsaṁla: na neiṫe gnáṫaċa noċ do rinne se, agus na coṁairliḋ do ṫug se uaiḋ—leiġeann a ċáirde gaċ niḋ a tá sgríoḃṫa faoi. Is mar so tá se i measg daoineaḋ gaċ tíre, agus gaċ pobuil agus ciniḋ faoi an ngréin. Tá se in ár g-croiḋṫiḃ ó nádúir féin cuiṁniuġaḋ air, agus caint a ḋéanaḋ faoi ár n-aiṫriḃ agus luċt-gaoil measaṁail a ċuaiḋ roṁainn.

Is mar so tá se idir gaċ aṫair agus a ċuid clainne. Tá meas aca air a ainm agus air a ċuiṁne. Ma’s mar so é, i measg clainne an doṁain ṁóir, is mó ’ná sin an meas agus an gean a tá aig clainn Ċríostaṁail air a n-aṫair múirneaċ féin. Agus go deiṁin naċ fíor-aṫair a ḃí ins an Áirdeaspog a d’imṫiġ uainn?—naċ aṫair díleas a ḃí ann d’a ċléir agus d’a ṗobul? Ní h-iongnaḋ, mar sin, má tá meas mór agus gean aig a ċlainn Ċríostaṁail ṫríd an doṁan air sgeul a ḃeaṫa. Tá an meas so aig muintir na h-Éireann air, agus aig na h-Éireannaiġiḃ a tá ins an America, ins an Oileán úr, ins na h-Indiaċaiḃ ṡoir agus ṡiar, ins an Ástralia, agus gaċ céarda faoi an ngréin in a ḃ-fuil mac no inġean de ċlainn na Gaeḋeal. Ní féidir, mar sin dé, naċ m-beiḋeaḋ gáirdeaċas orra sgeul a ḃeaṫa a leiġeaḋ ins an teangain úd a ndúṫċais féin—teanga air a raiḃ gean agus gráḋ aig an té ud a tá anois euluiġṫe uainn go h-áras fíor clainne Dé. Cuirṫear ós ḃur g-cóṁair laeṫe a óige, laeṫe a ṁeáḋoin aoise, agus laeṫe a aoise foirfe, ’nuair a ḃí se ag treoruġaḋ agus ag stiúraḋ daoine na h-Éireann ċum saorsaċta a g-creidiṁ: se sin, saorsaċta, no cead, Dia an Uile ċúṁaċtaċ a áltuġaḋ agus a aḋraḋ mar rinneadar fíor-ċlann na h-Éireann roiṁe so.

San t-Sean-Reaċt buḋ ṁaiṫ leis na h-Íudaiġiḃ breaṫnuġaḋ in a n-inntinn air Ṁaois a ḃí ’na ṫreudaiḋ agus ’na ċeannart orra, agus mar ḟear a ḃí aca in áit Dé ag taḃairt dóiḃ cóṁairle air an m-beallaċ buḋ ċóir dóiḃ siuḃal ós cóṁair Dé, agus air an móḋ ḃí ceart a aiṫeanta agus a ḋliġe naoṁṫa a ċoimeád agus a ċóiṁlíonaḋ. Is mar so ḃí se air feaḋ bliaḋanta le pobul na h-Éireann. Ḃí a súile ag dearcaḋ air Ṡeáġan Mac Héil, Áirdeaspog Ṫuama, mar ṫreudaiḋ agus mar ċeannart ó Dia,—fear faire in gaċ gáḋ agus in gaċ cúis aċranaċ aiṁréiḋteaċ a ṫáinic. Is mar so ḃí se aig muintir óig na h-Éireann a d’éiriġ suas le fiċe bliaḋan, agus is mar so a tá se a láṫair i measg fiór-ċlainne na Gaeḋeal. Ḃeir Spiorad na Fírinne cóṁairle dúinn na fir measaṁla, treunṁara, glórṁara, agus ár n-aiṫre móra a ċuaiḋ roṁainn in a n-am féin a ṁolaḋ; fir a riġne neiṫe iongantaċa, agus aig a raiḃ cáil ṁór agus eagna ṁór ins a n-am ag sáḃalaḋ agus ag stiúraḋ ċum cuain na sioṫċána agus na maiṫeasa na muintire a ḃí faoi na sgáṫ agus faoi n-a d-treoir.