[ page ]Duḃ ṁac An Díorfaiġ air an duine eile. D’ ḟás siad suas ’na m-buaċaillíḋe bréaġṫa; méid biseaċ naċ d-tigeaḋ orra san oiḋċe go d-tigeaḋ sé orra ’sa lá, ⁊ méid biseaċ naċ d-tigeaḋ orra ’sa la go d-tigeaḋ sé orra ’san oiḋċe go raḃ siad bliaḋain ⁊ fíṫċe de aois.
“Mo ḋona ⁊ mo ḋúirne orm” arsa Donn “go n-imeóċaiḋ mé go ḃ-feicdíḋ mé níos mó de’n tír ’ná tá le feicrint ins an ċlúid so.” Chuir so buaiḋreaḋ mór air a aṫair ⁊ air a ṁáṫair, ⁊ riġne siad a n-dí- ċeall é ċongḃail aċt ní raḃ gar dóiḃṫe ann. Nuair a ċonnaic siad naċ raḃ cong- ḃail air, ṫug siad cead a ċinn do ⁊ d’imṫiġ sé leis, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin, go m-bainfeaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoiṫ ribe ḋe. Shiúḃail sé leis mar sin go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae, ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡúain ⁊ síor-ċoḋlata. Ní ḟacaiḋ sé teaċ mór a ḃ-fad uaḋ no teaċ beag ’ndeas dó aċt caisleán mór aṁáin. Tharraing sé air go dian ⁊ go deifreaċ ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Cuireaḋ fearaḋ na fáilte roiṁe ⁊ riġneaḋ an-ṁór de, mar buḋ leur dóiḃṫe gur duine uasal a ḃí ann. Thainic maiġistir an ċaisleáin é féin ⁊ ṫug leis ann a’ ṗárluis é, ⁊ ċaiṫ siad trian na h-oiḋċe le fiannuiġeaċt, trian le sgeulaiġeaċt ⁊ trian le soireann suain ⁊ síor-ċoḋlata. Lá air na ḃáraċ ċonnaic Donn inġean an duine uasail ⁊ ṫuit sé i ngráḋ léiṫe ⁊ ise mar a g-céadna leis. D’ iarr sé air a h-aṫair í le pósaḋ ⁊ fuair sé í. Cuireaḋ cruinniuġaḋ air ṁór-uas- laiḃ ⁊ air ḃeag-uaslaiḃ n-a tíre a lig, ⁊ riġneaḋ banais ċúrṫa, ċárṫa, a ṁair naoi n-oiḋċe ⁊ naoi lá ⁊ gur b-fearr an lá deirionnaċ ná ’n ċeud lá.
Air maidin an lae i ndéiḋ na bainnse, nuair a ḃí Donn Ṁac An Díorfaiġ aig eiriġe, d’aṁarc sé amaċ, ⁊ ċonnaic sé gearrḟiaḋ an taoḃ amuiġ de’n ḟuinneoig buḋ deise ⁊ buḋ ḃréaġṫa ar ṡoillsíġ grian nó gealaċ ariaṁ air. Ḃí fleasg óir air ċúl a ċinn ⁊ fleasg airgid i g-clár a eudain. Dar leis fein gur ḋeas an pronn- tanas so aig n-a ṁnaoi ⁊ ġleus sé air féin le breiṫ air an gearrḟiaḋ ⁊ d’ imṫiġ ’na ḋéiḋ, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin, go m-bain- feaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoṫ an ribe de. Nuair a b’árd dó-san, b’ísiol do’n ġearrḟiad ⁊ nuair b’ísiol dó- san b’árd do’n ġearrḟiaḋ. Ḃí siad mar sin go d-tainic neóin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae ⁊ go raḃ eunaċa beaga na coilleaḋ craoḃaiġe aig dul faoi ṡuan ⁊ síor-coḋlata. Fá ṫuitim n-a h-oiḋċe ċuaiḋ an gearrfiaḋ isteaċ a m-bruiġin ⁊ lean Donn é. Ċon- naic sé sean-ċailleaċ ’na suiḋe le taoiḃ teineaḋ ⁊ ġáir sí amaċ. “Cé sin a ṁasluiġ Toimidín an lúṫ?” Chuaiḋ Donn suas ann a teineaḋ ⁊ ṡuiḋ an tsean-ċail- leaċ síos aig an doras.
“Cad ċuige naċ suiḋeann tú aníos leis an teiniḋ?” arsa Donn.
“Is doiliġ daṁ” ars an ċailleaċ, “agus go m-buailfeaḋ an beaṫaċ mór sin preab orm, nó go m-bainfeaḋ an beaṫaċ sin eile greim, no ’n an beaṫaċ sin eile gob asam.”
“Da m-beiḋeaḋ dóiġ agam-sa le n-a g-ceangal, ċeanglóċainn iad” arsa Donn.
Tharraing an ċailleaċ trí ribe fionnfaiḋ as poll a h-eascail ⁊ ṡín sí ċuige iad. Cheangail Donn na beiṫiġ ⁊ ṡuiḋ an ċail- leaċ aig an teiniḋ. Níor ḃ’ ḟada ḃí sí ann sin gur iarr sí air Ḋonn a ḋul amaċ ⁊ mart de ċuid an ríġ a ṁarḃaḋ ḋí ⁊ duḃairt sí naċ d-tainic aon duine ann a tiġe ariaṁ naċ dearn sin dí.
“Maiseaḋ” arsa Donn “ní ṫig liom-sa a ḃeiṫ níos measa ná duine eile ḋuit” ⁊ ċuaiḋ amaċ ⁊ ṫug mart isteaċ leis marḃ. D’ ḟeann sé é ⁊ ċaiṫ sé ceaṫraṁaḋ ċuicí. Tharraing sí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrásáiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe ⁊ ṡluig sí é.
“Biaḋ, biaḋ nó troid” ars an ċailleaċ.
“Chaiṫ sé ceaṫraṁaḋ eile ċuicí. Thar-